+Airteagal 296 Comhaontuithe glanluachála conarthacha a aithint
---+Airteagal 296 1.
---+Airteagal 296 2.
---+Airteagal 296 3.

Airteagal 296 Comhaontuithe glanluachála conarthacha a aithint

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 296 1.
Ní dhéanfaidh údaráis inniúla comhaontú glanluachála conarthach a aithint ach amháin i gcas ina gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2 agus i gcás inarb ábhartha, i mír 3.
Airteagal 296 2.

Comhlíonfaidh gach comhaontú glanluachála conarthach na coinníollacha uile a leanas a úsáideann institiúid ar mhaithe le luach na ►C9  neamhchosanta ◄ a chinneadh sa Chuid seo:

(a) 

thug an institiúid comhaontú glanluachála conarthach i gcrích lena contrapháirtí lena gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil aonair, lena gcumhdaítear gach idirbheart atá ar áireamh, ionas go mbeadh sí i dteideal, i gcás mainneachtana ar thaobh an chontrapháirtí, an tsuim ghlan amháin de luachanna deimhneacha agus diúltacha maidir le marcáil ón margadh idirbheart aonair atá ar áireamh a fháil nó iad a íoc;

(b) 

chuir an institiúid tuairimí dlíthiúla réasúnaithe i scríbhinn ar fáil do na húdaráis inniúla ionas nach mbeadh éilimh ná oibleagáidí na hinstitiúide níos mó ná na héilimh agus na hoibleagáidí sin dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás ina ndéanfaí agóid dhlíthiúil i gcoinne an chomhaontaithe ghlanluachála. Déanfar tagairt don dlí is infheidhme sa tuairim dhlíthiúil:

(i) 

an dlínse ina bhfuil an contrapháirtí corpraithe;

(ii) 

má tá baint ag brainse gnóthais leis, atá suite i dtír eile seachas an tír ina bhfuil an gnóthas corpraithe, an dlínse ina bhfuil an brainse suite;

(iii) 

an dlínse ina ndéantar na hidirbhearta aonair atá ar áireamh sa chomhaontú glanluachála a rialú lena dlí;

(iv) 

an dlínse ina ndéantar aon chonradh nó comhaontú a rialú lena dlí atá riachtanach chun an ghlanluacháil chonarthach a chur i gcrích;

(c) 

déantar an ►C9  riosca ◄ creidmheasa i leith gach contrapháirtí a chomhiomlánú chun ►C9  neamhchosaint ◄ dhlíthiúil aonair a chruthú thar idirbhearta le gach contrapháirtí. Déanfar an comhiomlánú sin a fhachtóiriú idir cuspóirí teorann creidmheasa agus cuspóirí caipitil inmheánaigh;

(d) 

ní bheidh aon chlásal sa chonradh lena dtugtar cead, i gcás mainneachtana ar thaobh contrapháirtí, do chontrapháirtí neamh-mhainneachtana íocaíochtaí teoranta amháin a dhéanamh, nó gan íocaíochtaí ar bith a dhéanamh, le heastát an pháirtí mainneachtana, fiú má tá an páirtí mainneachtana ina ghlanchreidiúnaí (i.e. clásáil tréigthe).

Mura bhfuil ceann ar bith de na húdaráis inniúla sásta go bhfuil an ghlanluacháil chonarthach bailí go dlíthiúil agus infhorghníomhaithe faoi dhlí gach dlínse dá dtagraítear i bpointe (b) ní dhéanfar an comhaontú glanluachála conarthach a aithint mar laghdú ►C9  riosca ◄ maidir le ceachtar de na contrapháirtithe. Cuirfidh údaráis inniúla é sin in iúl dá chéile dá réir sin.

Airteagal 296 3.

Féadfar na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (b) a tharraingt suas trí thagairt do chineálacha glanluachála conarthaí. Comhlíonfaidh comhaontuithe glanluachála trastáirge conarthacha na coinníollacha breise seo a leanas:

(a) 

is í an tsuim ghlan dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo an tsuim ghlan de na luachanna imréitigh deimhneacha agus diúltacha d'aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh agus de luach deimhneach agus diúltach um marcáil ón margadh na n-idirbheart aonair (an “Méid Glan Trastáirge”);

(b) 

na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tabharfar eolas ar bhailíocht agus ar infhorghníomhacht an chomhaontaithe glanluachála trastáirgí chonarthaigh iomláin faoina théarmaí agus ar thionchar an chomhaontaithe glanluachála ar fhorálacha ábhartha atá in aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas