+Airteagal 300 Sainmhínithe

Airteagal 300 Sainmhínithe

Airteagal 300

Sainmhínithe

▼M8

Chun críocha na Roinne seo agus Chuid a Seacht, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼B

(1) 

ciallaíonn “gan baint le féimheacht”, maidir le sócmhainní cliant, go bhfuil socruithe éifeachtacha i bhfeidhm lena n-áirithítear nach mbeidh na sócmhainní sin ar fáil do chreidiúnaithe contrapháirtí lárnaigh nó chomhalta imréitigh i gcás dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh sin faoi seach nó nach mbeidh na sócmhainní ar fáil don comhalta imréitigh chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé i ndiaidh mhainneachtain cliaint nó cliant seachas iad siúd a chuir na sócmhainní sin ar fáil;

(2) 

ciallaíonn “idirbheart a bhaineann le contrapháirtí lárnach” conradh nó idirbheart atá liostaithe in Airteagal 301(1) idir cliant agus comhalta imréitigh a bhaineann go díreach le conradh nó idirbheart atá liostaithe sa mhír sin idir an comhalta imréitigh sin agus contrapháirtí lárnach;

(3) 

ciallaíonn “comhalta imréitigh” comhalta imréitigh mar atá sainmhínithe i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán(AE) Uimhir 648/2012

(4) 

ciallaíonn “cliant” cliant mar atá sainmhínithe i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012 nó gnóthás a bhfuil socruithe imréitigh indíreacha bunaithe acu le comhalta imréitigh, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán sin;

▼M8

(5) 

ciallaíonn “idirbheart airgid” idirbheart in airgead tirim, ionstraimí fiachais nó cothromais, spot-idirbheart malairte eachtraí nó spot-idirbheart tráchtearraí; ach ní idirbhearta airgid iad idirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí;

(6) 

ciallaíonn “socrú imréitigh indíreach” socrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(7) 

ciallaíonn “cliant ar leibhéal níos airde” eintiteas a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil do chliant ar leibhéal níos ísle;

(8) 

ciallaíonn “cliant ar leibhéal níos ísle” eintiteas a bhfuil rochtain ar sheirbhísí contrapháirtí lárnaigh á fáil aige trí bhíthin cliant ar leibhéal níos airde;

(9) 

ciallaíonn “struchtúr cliant il-leibhéil” socrú imréitigh indíreach faoina gcuireann eintiteas nach comhalta imréitigh é ach ar cliant de chuid comhalta imréitigh nó de chuid cliant ar leibhéal níos airde é, faoina gcuireann sé seirbhísí imréitigh ar fáil d'institiúid;

(10) 

ciallaíonn “ranníocaíocht neamhchistithe le ciste mainneachtana” ranníocaíocht a gheallann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh go conarthach a sholáthar do chontrapháirtí lárnach tar éis don chontrapháirtí lárnach a chiste mainneachtana a ídiú chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé tar éis mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh;

(11) 

ciallaíonn “idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith taiscí lánráthaithe” idirbheart margaidh i leith airgead lánchomhthaobhaithe ina malartaíonn beirt chontrapháirtithe taiscí le chéile agus ina n-idirchuireann contrapháirtí é féin eatarthu chun comhlíonadh oibleagáidí íocaíochta na gcontrapháirtithe sin a áirithiú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas