+Airteagal 304 ►C9Neamhchosaintí◄na gcomhaltaí imréitigh ar chliaint a láimhseáil
---+Airteagal 304 1.
---+Airteagal 304 2.
---+Airteagal 304 3.
---+Airteagal 304 4.
---+Airteagal 304 5.
---+Airteagal 304 6.
---+Airteagal 304 7.
|
Airteagal 304 ►C9Neamhchosaintí◄na gcomhaltaí imréitigh ar chliaint a láimhseáil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 304 1.
|
Institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh, agus sa cháil sin, a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh do na hidirbhearta sin dá chuid a bhaineann le contrapháirtí lárnach leis an gcliant sin i gcomhréir le Roinn 1 go Roinn 8 den Chaibidil seo, le Roinn 4 de Chaibidil 4 den Teideal seo agus le Teideal VI, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 304 2.
|
I gcás ina ndéanann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh socrú conarthach le cliant comhalta imréitigh eile lena n-éascaítear, i gcomhréir le hAirteagal 48(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012, aistriú suíomh agus comhthaobhachta dá dtagraítear in Airteagal 305(2),(b) den Rialachán sin don chliant sin, agus go mbíonn oibleagáid theagmhasach don institiúid mar bharr ar an gcomhaontú conarthach sin féadfaidh an institiúid sin luach
►C9
neamhchosanta ◄ nialais a shannadh don oibleagáid theagmhasach sin.
|
|
Airteagal 304 3.
|
I gcás ina n-úsáideann institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 6 den Chaibidil seo chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a
►C12
neamhchosainti ◄ a ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a)
de mhaolú ar Airteagal 285(2), féadfaidh an institiúid leas a bhaint as tréimhse corrlaigh faoi phriacail a mhairfidh cúig lá oibre ar a laghad le haghaidh a
►C12
neamhchosainti ◄ ar chliant;
(b)
cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh faoi phriacail i bhfeidhm a mhairfidh 10 lá oibre ar a laghad le haghaidh a
►C12
neamhchosainti ◄ ar chontrapháirtí lárnach;
(c)
de mhaolú ar Airteagal 285(3), i gcás ina gcomhlíonann tacar glanluachála atá ar áireamh sa ríomh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin, féadfaidh an institiúid neamhaird a thabhairt ar an teorainn a leagtar amach sa phointe sin, ar choinníoll nach gcomhlíonann an tacar glanluachála an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin agus nach bhfuil aon trádálacha ná céadroghanna coimhthíocha iontu ar ábhar díospóide iad;
(d)
i gcás ina gcoimeádann contrapháirtí lárnach corrlach athrúcháin i gcoinne idirbhirt agus nach ndéantar comhthaobhacht na hinstitiúide a chosaint ar dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh, cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh
►C12
riosca ◄ i bhfeidhm arb ionann í agus aon bhliain amháin nó aibíocht iarmhair an idirbhirt, cibé acu is ísle, agus íosráta 10 lá gnó i gceist.
|
|
Airteagal 304 4.
|
De mhaolú ar phointe (i) d'Airteagal 281(2), i gcás ina n-úsáideann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 4 chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a
►C12
neamhchosainti ◄ maidir le cliant a ríomh, féadfaidh an institiúid fachtóir aibíochta 0,21 a úsáid le haghaidh a ríomha.
|
|
Airteagal 304 5.
|
De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 282(4), i gcás ina n-úsáideann institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 5 chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a
►C12
neamhchosainti ◄ a ríomh, féadfaidh an institiúid sin fachtóir aibíochta 0,21 a úsáid le haghaidh an ríomha sin.
|
|
Airteagal 304 6.
|
Féadfaidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh úsáid a dhéanamh den
►C12
neamhchosaint ◄ laghdaithe tráth na mainneachtana a thagann as na ríomhanna a leagtar amach i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 chun críocha a gceanglais cistí dílse le haghaidh
►C12
riosca ◄ CVA a ríomh i gcomhréir le Teideal VI.
|
|
Airteagal 304 7.
|
Institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh a bhailíonn comhthaobhacht ó chliant d'idirbheart a bhaineann le contrapháirtí lárnach agus a chuireann an chomhthaobhacht ar aghaidh chuig an gcontrapháirtí lárnach, féadfaidh sí an chomhthaobhacht sin a aithint chun a
►C12
neamhchosaint ◄ ar an gcliant a laghdú i dtaca leis an idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach. I gcás struchtúr cliant il-leibhéil, féadfar an láimhseáil a leagtar amach sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den struchtúr sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|