+Airteagal 304 3.

Airteagal 304 3.

I gcás ina n-úsáideann institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 6 den Chaibidil seo chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a ►C12  neamhchosainti ◄ a ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) 

de mhaolú ar Airteagal 285(2), féadfaidh an institiúid leas a bhaint as tréimhse corrlaigh faoi phriacail a mhairfidh cúig lá oibre ar a laghad le haghaidh a ►C12  neamhchosainti ◄ ar chliant;

(b) 

cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh faoi phriacail i bhfeidhm a mhairfidh 10 lá oibre ar a laghad le haghaidh a ►C12  neamhchosainti ◄ ar chontrapháirtí lárnach;

(c) 

de mhaolú ar Airteagal 285(3), i gcás ina gcomhlíonann tacar glanluachála atá ar áireamh sa ríomh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin, féadfaidh an institiúid neamhaird a thabhairt ar an teorainn a leagtar amach sa phointe sin, ar choinníoll nach gcomhlíonann an tacar glanluachála an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin agus nach bhfuil aon trádálacha ná céadroghanna coimhthíocha iontu ar ábhar díospóide iad;

(d) 

i gcás ina gcoimeádann contrapháirtí lárnach corrlach athrúcháin i gcoinne idirbhirt agus nach ndéantar comhthaobhacht na hinstitiúide a chosaint ar dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh, cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh ►C12  riosca ◄ i bhfeidhm arb ionann í agus aon bhliain amháin nó aibíocht iarmhair an idirbhirt, cibé acu is ísle, agus íosráta 10 lá gnó i gceist.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas