|
+Airteagal 314 7. |
Airteagal 314 7.Ní úsáidfidh institiúidí aon cheann de na gnéithe seo a leanas le linn dóibh a dtáscaire gnó a ríomh:
(a)
ioncam agus speansais ó ghnólacht árachais nó athárachais;
(b)
préimheanna arna n-íoc agus íocaíochtaí arna bhfáil ó pholasaithe árachais nó athárachais arna gceannach;
(c)
speansais riaracháin, lena n-áirítear speansais foirne, táillí seachfhoinsithe arna n-íoc as seirbhísí a soláthraíodh nach seirbhísí airgeadais iad, agus speansais eile riaracháin;
(d)
gnóthú speansas riaracháin lena n-áirítear gnóthú íocaíochtaí thar ceann custaiméirí;
(e)
speansais áitribh agus sócmhainní seasta, ach amháin i gcás inar toradh iad na speansais sin ar theagmhais riosca oibriúcháin;
(f)
dímheas sócmhainní inláimhsithe agus amúchadh sócmhainní doláimhsithe, seachas an dímheas a bhaineann le sócmhainní léasaithe oibriúcháin, a áireofar i speansais léasa airgeadais agus oibriúcháin;
(g)
soláthairtí agus cealú soláthairtí, seachas i gcás ina mbaineann na soláthairtí sin le teagmhais riosca oibriúcháin;
(h)
speansais i ngeall ar scairchaipiteal atá inaisíoctha ar éileamh;
(i)
lagú agus cealú laguithe;
(j)
athruithe ar cháilmheas arna n-aithint i mbrabús nó i gcaillteanas;
(k)
cáin chorparáide. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|