+Airteagal 314 Táscaire gnó
---+Airteagal 314 1.
---+Airteagal 314 2.
---+Airteagal 314 3.
---+Airteagal 314 4.
---+Airteagal 314 5.
---+Airteagal 314 6.
---+Airteagal 314 7.
---+Airteagal 314 8.
---+Airteagal 314 9.
---+Airteagal 314 10.
|
Airteagal 314 Táscaire gnó
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 314 1.
|
Ríomhfaidh institiúidí a dtáscaire gnó i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
BI = ILDC + SC + FC
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
BI
|
= comhpháirt an táscaire gnó, arna sloinneadh sna billiúin euro;
|
|
ILDC
|
= an chomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne, arna sloinneadh sna billiúin euro agus arna ríomh i gcomhréir le mír 2;
|
|
SC
|
= an chomhpháirt seirbhísí, arna sloinneadh sna billiúin euro agus arna ríomh i gcomhréir le mír 5;
|
|
FC
|
= an chomhpháirt airgeadais, arna sloinneadh sna billiúin euro agus arna ríomh i gcomhréir le mír 6.
|
|
|
Airteagal 314 2.
|
Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
ILDC
|
= an chomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne;
|
|
IC
|
= an chomhpháirt úis, arb é ioncam úis na hinstitiúide é ó gach sócmhainn airgeadais agus ioncam eile úis, lena n-áirítear ioncam úis ó léasanna airgeadais agus ioncam ó léasanna oibriúcháin agus ó bhrabúis ó shócmhainní léasaithe, lúide speansais úis na hinstitiúide ó gach dliteanas airgeadais agus ó speansais eile úis, lena n-áirítear speansas úis ó léasanna airgeadais agus oibriúcháin, ó dhímheas agus lagú sócmhainní léasaithe oibriúcháin, agus ó chaillteanais uathu, arna ríomh mar mheán bliantúil luachanna absalóideacha na ndifríochtaí thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin;
|
|
AC
|
= an chomhpháirt sócmhainní, arb é suim iomlán olliasachtaí gan íoc, airleacain, urrúis úsmhara, lena n-áirítear bannaí rialtais, agus sócmhainní léasaithe na hinstitiúide é, arna ríomh mar an meán bliantúil thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin ar bhonn na méideanna ag deireadh gach ceann de na blianta airgeadais faoi seach;
|
|
DC
|
= an chomhpháirt díbhinne, arb é ioncam díbhinne na hinstitiúide é ó infheistíochtaí i stoic agus i gcistí nach bhfuil comhdhlúite i ráitis airgeadais na hinstitiúide, lena n-áirítear ioncam díbhinne ó fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite, ó ghnólachtaí comhlachaithe agus ó chomhfhiontair, arna ríomh mar an meán bliantúil thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin.
|
|
|
Airteagal 314 3.
|
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh máthairinstitiúid AE, go dtí an 31 Nollaig 2027, cead a iarraidh ar a maoirseoir comhdhlúthacháin ús, léasanna agus comhpháirt díbhinne ar leithligh a ríomh le haghaidh aon cheann dá fo-institiúidí sonracha agus toradh an ríomha sin a chur leis an gcomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne arna ríomh, ar bhonn comhdhlúite, d’eintitis eile an ghrúpa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is iad gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála na bhfochuideachtaí an chuid is mó dá ngníomhaíocht;
(b)
tá iasachtaí a bhfuil PD ard ag baint leo ina gcion suntasach de ghníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála na bhfochuideachtaí;
(c)
soláthraíonn úsáid an mhaolaithe bonn iomchuí chun ceanglas cistí dílse mháthairinstitiúid AE le haghaidh riosca oibriúcháin a ríomh.
Agus an cead deonaithe, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin athmheasúnú ar an gcead agus ar na coinníollacha a ghabhann leis gach 2 bhliain. Tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin fógra do ÚBE a luaithe a thabharfar an cead sin, a dheimhneofar é nó a tharraingeofar siar é. Faoin 31 Nollaig 2031, cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le húsáid agus oiriúnacht an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ag féachaint, go háirithe, do na samhlacha gnó sonracha lena mbaineann agus do leordhóthanacht na gceanglas cistí dílse gaolmhara le haghaidh riosca oibriúcháin. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ghaolmhara a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2032.
|
|
Airteagal 314 4.
|
Go dtí an 31 Nollaig 2027 nó go dtí go dtabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin cead i gcomhréir le mír 3, cibé acu is túisce, féadfaidh máthairinstitiúid AE ar tugadh cead di an cur chuige caighdeánaithe malartach a chur i bhfeidhm maidir lena línte gnó baincéireachta miondíola agus baincéireachta tráchtála chun a ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca oibriúcháin a ríomh, tar éis di a maoirseoir comhdhlúthacháin a chur ar an eolas, leanúint den chur chuige caighdeánaithe malartacha mar a leagtar amach sa leagan den Rialachán seo is infheidhme an 8 Iúil 2024 chun críche ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca oibriúcháin a bhaineann leis an dá líne ghnó sin a ríomh agus i gcomhréir le raon feidhme an cheada atá aici cheana.
|
|
Airteagal 314 5.
|
Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhpháirt seirbhísí i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
SC = max (OI, OE) + max (FI, FE)
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
SC
|
= an chomhpháirt seirbhísí;
|
|
OI
|
= an t-ioncam oibriúcháin eile, arb é meánioncam bliantúil na hinstitiúide thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin é ó ghnáthoibríochtaí baincéireachta nach n-áirítear le ítimí eile an táscaire gnó ach atá de chineál dá shamhail;
|
|
OE
|
= na speansais oibriúcháin eile, arb iad meánspeansais agus meánchaillteanais bhliantúla na hinstitiúide iad le linn na 3 bliana airgeadais roimhe sin ó ghnáthoibríochtaí baincéireachta nach n-áirítear le hítimí eile an táscaire gnó ach atá de chineál dá samhail, agus ó theagmhais riosca oibriúcháin;
|
|
FI
|
= an chomhpháirt ioncaim ó tháillí agus ó choimisiúin, arb é meánioncam bliantúil na hinstitiúide thar na 3 bliana roimhe sin é arna fháil ó chomhairle agus ó sheirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear ioncam arna fháil ag an institiúid mar sheachfhoinsitheoir seirbhísí airgeadais;
|
|
FE
|
= an chomhpháirt speansas ó tháillí agus ó choimisiúin, arb iad na meánspeansais arna n-íoc ag an institiúid thar na 3 bliana roimhe sin iad as comhairle agus seirbhísí a fháil, lena n-áirítear táillí seachfhoinsithe arna n-íoc ag an institiúid as seirbhísí airgeadais a soláthraíodh, ach nach n-áirítear leo táillí seachfhoinsithe arna n-íoc as seirbhísí a soláthraíodh nach seirbhísí airgeadais iad.
|
Faoi réir cead an údaráis inniúil a fháil roimh ré, agus a mhéid atá córais oiriúnacha aonfhoirmeacha ar fáil don scéim cosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin, féadfaidh institiúidí ar comhaltaí iad de scéim cosanta institiúideach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7) an chomhpháirt seirbhísí glan ó aon ioncam a fhaightear ó institiúidí nó ó aon chaiteachas a íoctar le hinstitiúidí, ar comhaltaí iad den scéim cosanta institiúideach chéanna, a ríomh. Tá aon chaillteanais a eascraíonn as na rioscaí oibriúcháin gaolmhara faoi réir frithpháirtiú ar fud chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí.
|
|
Airteagal 314 6.
|
Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhpháirt airgeadais i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
FC = TC + BC
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
FC
|
= an chomhpháirt airgeadais;
|
|
TC
|
= comhpháirt an leabhair trádála, arb é meán bliantúil na luachanna absalóideacha glanbhrabúis nó glanchaillteanais é, de réir mar is infheidhme, ar leabhar trádála na hinstitiúide thar na 3 bliana airgeadais deireanacha roimhe sin é, arna chinneadh mar is iomchuí i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta nó i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal I, Caibidil 3, lena n-áirítear ó shócmhainní trádála agus dliteanais trádála, ó chuntasaíocht fálaithe agus ó dhifríochtaí malartaithe;
|
|
BC
|
= comhpháirt an leabhair baincéireachta, arb é meán bliantúil na luachanna absalóideacha glanbhrabúis nó glanchaillteanais thar na 3 bliana airgeadais deireanacha roimhe sin é, de réir mar is infheidhme, ar leabhar neamhthrádála na hinstitiúide, lena n-áirítear ó shócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús agus trí chaillteanas, ó chuntasaíocht fálaithe, ó dhifríochtaí malartaithe, agus ó ghnóthachain agus caillteanais réadaithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais airgeadais nach dtomhaistear ar luach cóir trí bhrabús agus trí chaillteanas.
|
|
|
Airteagal 314 7.
|
Ní úsáidfidh institiúidí aon cheann de na gnéithe seo a leanas le linn dóibh a dtáscaire gnó a ríomh:
(a)
ioncam agus speansais ó ghnólacht árachais nó athárachais;
(b)
préimheanna arna n-íoc agus íocaíochtaí arna bhfáil ó pholasaithe árachais nó athárachais arna gceannach;
(c)
speansais riaracháin, lena n-áirítear speansais foirne, táillí seachfhoinsithe arna n-íoc as seirbhísí a soláthraíodh nach seirbhísí airgeadais iad, agus speansais eile riaracháin;
(d)
gnóthú speansas riaracháin lena n-áirítear gnóthú íocaíochtaí thar ceann custaiméirí;
(e)
speansais áitribh agus sócmhainní seasta, ach amháin i gcás inar toradh iad na speansais sin ar theagmhais riosca oibriúcháin;
(f)
dímheas sócmhainní inláimhsithe agus amúchadh sócmhainní doláimhsithe, seachas an dímheas a bhaineann le sócmhainní léasaithe oibriúcháin, a áireofar i speansais léasa airgeadais agus oibriúcháin;
(g)
soláthairtí agus cealú soláthairtí, seachas i gcás ina mbaineann na soláthairtí sin le teagmhais riosca oibriúcháin;
(h)
speansais i ngeall ar scairchaipiteal atá inaisíoctha ar éileamh;
(i)
lagú agus cealú laguithe;
(j)
athruithe ar cháilmheas arna n-aithint i mbrabús nó i gcaillteanas;
|
|
Airteagal 314 8.
|
I gcás ina bhfuil institiúid ag feidhmiú ar feadh níos lú ná 3 bliana, úsáidfidh sí meastacháin réamhbhreathnaitheacha gnó chun comhpháirteanna ábhartha a táscaire gnó a ríomh, ar choinníoll go bhfuil a húdarás inniúil sásta leis sin. Tosóidh an institiúid de bheith ag úsáid sonraí stairiúla a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil.
|
|
Airteagal 314 9.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
comhpháirteanna an táscaire gnó, agus a n-úsáid, trí liostaí d’fho-ítimí tipiciúla a fhorbairt, agus caighdeáin rialála idirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, an teorainn stuamachta a shainítear i gCuid a Trí, Teideal I, Caibidil 3, á gcur san áireamh;
(b)
na heilimintí a liostaítear i mír 7 den Airteagal seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 314 10.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun ítimí an táscaire gnó a shonrú trí na hítimí sin a mhapáil leis na cealla tuairiscithe comhfhreagracha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 (
33
) ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|