+Airteagal 320 1.

Airteagal 320 1.

Féadfaidh institiúid cead a iarraidh ón údarás inniúil teagmhais riosca oibriúcháin eisceachtúla nach ábhartha iad a thuilleadh dá próifíl riosca a eisiamh ó ríomh a caillteanais riosca oibriúcháin bliantúil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

is féidir leis an institiúid a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil nach dtarlóidh arís an méid ba chúis don teagmhas riosca oibriúcháin as ar tháinig na caillteanais riosca oibriúcháin sin;

(b) 

glanchaillteanas comhiomlánaithe an teagmhais riosca oibriúcháin chomhfhreagraigh:

(i) 

beidh sé cothrom le 10 % de mheánchaillteanas riosca oibriúcháin bliantúil na hinstitiúide nó níos mó, arna ríomh le 10 mbliana airgeadais anuas agus bunaithe ar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 319(1), i gcás ina dtagraíonn an teagmhas caillteanais riosca oibriúcháin do ghníomhaíochtaí ar cuid den táscaire gnó go fóill iad; nó

(ii) 

bainfidh sé le teagmhas riosca oibriúcháin a thagraíonn do ghníomhaíochtaí arna ndífheistiú ón táscaire gnó i gcomhréir le hAirteagal 315(2);

(c) 

bhí an caillteanas riosca oibriúcháin sa tacar sonraí maidir le caillteanas ar feadh tréimhse 1 bhliain amháin ar a laghad, mura rud é go mbaineann an caillteanas riosca oibriúcháin le gníomhaíochtaí arna ndífheistiú ón táscaire gnó i gcomhréir le hAirteagal 315(2).

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo, tosóidh an íostréimhse 1 bhliain amháin ón dáta inar mhó, den chéad uair, an teagmhas riosca oibriúcháin arna chur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas ná an tairseach ábharthachta dá bhforáiltear in Airteagal 319(1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas