+Airteagal 320 Caillteanais a eisiamh
---+Airteagal 320 1.
---+Airteagal 320 2.
---+Airteagal 320 3.

Airteagal 320 Caillteanais a eisiamh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 320 1.

Féadfaidh institiúid cead a iarraidh ón údarás inniúil teagmhais riosca oibriúcháin eisceachtúla nach ábhartha iad a thuilleadh dá próifíl riosca a eisiamh ó ríomh a caillteanais riosca oibriúcháin bliantúil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

is féidir leis an institiúid a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil nach dtarlóidh arís an méid ba chúis don teagmhas riosca oibriúcháin as ar tháinig na caillteanais riosca oibriúcháin sin;

(b) 

glanchaillteanas comhiomlánaithe an teagmhais riosca oibriúcháin chomhfhreagraigh:

(i) 

beidh sé cothrom le 10 % de mheánchaillteanas riosca oibriúcháin bliantúil na hinstitiúide nó níos mó, arna ríomh le 10 mbliana airgeadais anuas agus bunaithe ar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 319(1), i gcás ina dtagraíonn an teagmhas caillteanais riosca oibriúcháin do ghníomhaíochtaí ar cuid den táscaire gnó go fóill iad; nó

(ii) 

bainfidh sé le teagmhas riosca oibriúcháin a thagraíonn do ghníomhaíochtaí arna ndífheistiú ón táscaire gnó i gcomhréir le hAirteagal 315(2);

(c) 

bhí an caillteanas riosca oibriúcháin sa tacar sonraí maidir le caillteanas ar feadh tréimhse 1 bhliain amháin ar a laghad, mura rud é go mbaineann an caillteanas riosca oibriúcháin le gníomhaíochtaí arna ndífheistiú ón táscaire gnó i gcomhréir le hAirteagal 315(2).

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo, tosóidh an íostréimhse 1 bhliain amháin ón dáta inar mhó, den chéad uair, an teagmhas riosca oibriúcháin arna chur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas ná an tairseach ábharthachta dá bhforáiltear in Airteagal 319(1).

Airteagal 320 2.

Institiúid a iarrann an cead dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh sí cúiseanna doiciméadaithe don údarás inniúil le teagmhas riosca oibriúcháin eisceachtúil a eisiamh, lena n-áirítear:

(a) 

tuairisc ar an teagmhas riosca oibriúcháin;

(b) 

cruthúnas go bhfuil an caillteanas atá mar thoradh ar an teagmhas riosca oibriúcháin os cionn na tairsí ábharthachta le haghaidh eisiamh caillteanas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), lena n-áirítear an dáta a d’éirigh an teagmhas riosca oibriúcháin níos mó ná an tairseach ábharthachta;

(c) 

an dáta a d’eisiafaí an teagmhas riosca oibriúcháin lena mbaineann, i bhfianaise na híostréimhse coinneála a leagtar amach i mír 1, pointe (c);

(d) 

an fáth a meastar nach bhfuil an teagmhas riosca oibriúcháin ábhartha a thuilleadh do phróifíl riosca na hinstitiúide;

(e) 

léiriú nach bhfuil neamhchosaintí dlíthiúla comhchosúla nó iarmharacha ann agus nach bhfuil an teagmhas riosca oibriúcháin a bheidh le heisiamh ábhartha do ghníomhaíochtaí eile ná do tháirgí eile;

(f) 

tuarascálacha ar athbhreithniú nó ar bhailíochtú neamhspleách na hinstitiúide, á dheimhniú nach ábhartha a thuilleadh an teagmhas riosca oibriúcháin agus nach bhfuil neamhchosaintí dlíthiúla comhchosúla ná iarmharacha ann;

(g) 

cruthúnas go bhfuil údaráis inniúla na hinstitiúide tar éis an iarraidh ar eisiamh an teagmhais riosca oibriúcháin a fhormheas, trí phróisis formheasa na hinstitiúide, agus dáta an fhormheasa sin;

(h) 

tionchar eisiamh an teagmhais riosca oibriúcháin ar an gcaillteanas riosca oibriúcháin bliantúil.

Airteagal 320 3.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha nach mór don údarás inniúil measúnú a dhéanamh orthu de bhun mhír 1, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil an caillteanas riosca oibriúcháin bliantúil le ríomh agus na sonraíochtaí maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le bailiú de bhun mhír 2 nó aon fhaisnéis thairis sin a mheastar a bheith riachtanach chun an measúnú a dhéanamh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas