|
+Airteagal 320 2. |
Airteagal 320 2.Institiúid a iarrann an cead dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh sí cúiseanna doiciméadaithe don údarás inniúil le teagmhas riosca oibriúcháin eisceachtúil a eisiamh, lena n-áirítear:
(a)
tuairisc ar an teagmhas riosca oibriúcháin;
(b)
cruthúnas go bhfuil an caillteanas atá mar thoradh ar an teagmhas riosca oibriúcháin os cionn na tairsí ábharthachta le haghaidh eisiamh caillteanas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), lena n-áirítear an dáta a d’éirigh an teagmhas riosca oibriúcháin níos mó ná an tairseach ábharthachta;
(c)
an dáta a d’eisiafaí an teagmhas riosca oibriúcháin lena mbaineann, i bhfianaise na híostréimhse coinneála a leagtar amach i mír 1, pointe (c);
(d)
an fáth a meastar nach bhfuil an teagmhas riosca oibriúcháin ábhartha a thuilleadh do phróifíl riosca na hinstitiúide;
(e)
léiriú nach bhfuil neamhchosaintí dlíthiúla comhchosúla nó iarmharacha ann agus nach bhfuil an teagmhas riosca oibriúcháin a bheidh le heisiamh ábhartha do ghníomhaíochtaí eile ná do tháirgí eile;
(f)
tuarascálacha ar athbhreithniú nó ar bhailíochtú neamhspleách na hinstitiúide, á dheimhniú nach ábhartha a thuilleadh an teagmhas riosca oibriúcháin agus nach bhfuil neamhchosaintí dlíthiúla comhchosúla ná iarmharacha ann;
(g)
cruthúnas go bhfuil údaráis inniúla na hinstitiúide tar éis an iarraidh ar eisiamh an teagmhais riosca oibriúcháin a fhormheas, trí phróisis formheasa na hinstitiúide, agus dáta an fhormheasa sin;
(h)
tionchar eisiamh an teagmhais riosca oibriúcháin ar an gcaillteanas riosca oibriúcháin bliantúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|