|
+Airteagal 325 1. |
Airteagal 325 1.Déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás gach ceann dá cuid suíomhanna leabhair trádála agus gach ceann dá cuid suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige seo a leanas:
(a)
an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a;
(b)
an cur chuige malartach samhla inmheánaí a leagtar amach i gCaibidil 1b le haghaidh na suíomhanna sin arna sannadh do dheasca trádála ar thug údarás inniúil na hinstitiúide cead don institiúid an cur chuige malartach sin a úsáid mar a leagtar amach in Airteagal 325az(1);
(c)
an cur chuige caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325a(1). De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfaidh institiúid ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí i gcás suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí a ríomh i gcás ina ndéantar na suíomhanna sin a asbhaint as cistí dílse na hinstitiúide. Déanfaidh an institiúid an úsáid a bhaineann sí as an maolú a leagtar amach san fhomhír seo a dhoiciméadú, lena n-áirítear tionchar agus ábharthacht na húsáide sin, agus cuirfidh sí an fhaisnéis ar fáil, arna iarraidh sin, dá húdarás inniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|