|
+Airteagal 325c 6. |
Airteagal 325c 6.An t-athbhreithniú ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear i mír 5, cumhdófar leis gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleách rialaithe riosca araon agus déanfar measúnú ann ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad;
(b)
leordhóthanacht dhoiciméadacht an chórais agus na bpróiseas bainistithe riosca agus eagrú an aonaid rialaithe riosca dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;
(c)
a bheaichte atá ríomhanna íogaireachta agus an próiseas a úsáidtear chun na ríomhanna sin a dhíorthú ó shamhlacha praghsála na hinstitiúide atá mar bhonn le brabús agus caillteanas a thuairisciú don lucht bainistíochta sinsearaí, mar a thagraítear dó in Airteagal 325t;
(d)
an próiseas fíorúcháin a úsáideann an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, tráthúlacht agus iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh agus an cur chuige caighdeánaithe malartach á úsáid aici, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin. Déanfaidh institiúid an t-athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír uair amháin sa bhliain ar a laghad, nó ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin suas le gach 2 bhliain i gcás inar féidir leis an institiúid a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil go dtugann méid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghnó a leabhair trádála údar maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|