+Airteagal 325c Raon feidhme, struchtúr agus ceanglais cháilíochtúla an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh
---+Airteagal 325c 1.
---+Airteagal 325c 2.
---+Airteagal 325c 3.
---+Airteagal 325c 4.
---+Airteagal 325c 5.
---+Airteagal 325c 6.
---+Airteagal 325c 7.
---+Airteagal 325c 8.
|
Airteagal 325c Raon feidhme, struchtúr agus ceanglais cháilíochtúla an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325c 1.
|
Beidh tacar doiciméadaithe de bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag institiúidí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad, agus cuirfidh na hinstitiúidí an tacar sin ar fáil do na húdaráis inniúla. Tabharfar fógra in am agus i dtráth do na húdaráis inniúla faoi aon athruithe ar na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe sin.
|
|
Airteagal 325c 2.
|
Déanfaidh na hinstitiúidí a gceanglais cistí dílse le haghaidh
►C12
riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach maidir le punann de shuíomhanna sa leabhar trádála agus de shuíomhanna leabhar neamhthrádála atá faoi réir
►C12
riosca ◄ malairte eachtraí nó tráchtearraí mar shuim na dtrí chomhpháirt seo a leanas:
(a)
an ceanglas cistí dílse de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2;
(b)
an ceanglas cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 a bhfuil feidhm aige maidir leis na suíomhanna leabhar trádála dá dtagraítear sa Roinn sin agus leis na suíomhanna sin amháin;
(c)
an ceanglas cistí dílse le haghaidh
►C12
riosca ◄ iarmharacha a leagtar amach i Roinn 4 a bhfuil feidhm aige maidir leis na suíomhanna leabhar trádála dá dtagraítear sa Roinn sin agus leis na suíomhanna sin amháin.
|
|
Airteagal 325c 3.
|
De mhaolú ar mhír 2, déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach dá sealúchais ionstraimí fiachais dílse féin mar shuim an dá chomhpháirt dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (c). Agus ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcomhair ionstraimí fiachais dílse á ríomh faoin modh íogaireacht-bhunaithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), déanfaidh an institiúid na rioscaí ó raon difríochta creidmheasa na hinstitiúide féin a eisiamh ón ríomh sin.
|
|
Airteagal 325c 4.
|
Beidh aonad rialaithe riosca atá neamhspleách ar aonaid trádála gnó ag institiúidí agus tuairisceoidh an t-aonad go díreach don lucht bainistíochta sinsearaí. Beidh an t-aonad rialaithe riosca sin freagrach as an gcur chuige caighdeánaithe malartach a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ullmhóidh sé tuarascálacha míosúla maidir le haschur an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh, agus maidir lena iomchuí atá teorainneacha trádála na hinstitiúide, agus déanfaidh sé anailís orthu.
|
|
Airteagal 325c 5.
|
Déanfaidh institiúidí athbhreithniú neamhspleách ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach a úsáideann siad chun críocha na Caibidle seo chun sástachta na n-údarás inniúil, bíodh sin mar chuid dá bpróiseas tráthrialta inmheánach iniúchóireachta nó trí shainordú a thabhairt do ghnóthas tríú páirtí an t-athbhreithniú sin a dhéanamh. Déanfar toradh an athbhreithnithe sin a thuairisciú do na comhlachtaí bainistíochta iomchuí. Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn “gnóthas tríú páirtí” gnóthas a chuireann seirbhísí iniúchóireachta nó comhairliúcháin ar fáil d’institiúidí agus a bhfuil líon foirne aige a bhfuil scileanna leordhóthanacha acu sa réimse a bhaineann le riosca margaidh.
|
|
Airteagal 325c 6.
|
An t-athbhreithniú ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear i mír 5, cumhdófar leis gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleách rialaithe riosca araon agus déanfar measúnú ann ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad;
(b)
leordhóthanacht dhoiciméadacht an chórais agus na bpróiseas bainistithe riosca agus eagrú an aonaid rialaithe riosca dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;
(c)
a bheaichte atá ríomhanna íogaireachta agus an próiseas a úsáidtear chun na ríomhanna sin a dhíorthú ó shamhlacha praghsála na hinstitiúide atá mar bhonn le brabús agus caillteanas a thuairisciú don lucht bainistíochta sinsearaí, mar a thagraítear dó in Airteagal 325t;
(d)
an próiseas fíorúcháin a úsáideann an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, tráthúlacht agus iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh agus an cur chuige caighdeánaithe malartach á úsáid aici, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin.
Déanfaidh institiúid an t-athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír uair amháin sa bhliain ar a laghad, nó ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin suas le gach 2 bhliain i gcás inar féidir leis an institiúid a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil go dtugann méid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghnó a leabhair trádála údar maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin.
|
|
Airteagal 325c 7.
|
An ríomh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear go ndéanfaidh institiúid na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo agus in Airteagal 325a a chur chun feidhme, fíoróidh na húdaráis inniúla go ndéanfar go hionraic é.
|
|
Airteagal 325c 8.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an mhodheolaíocht mheasúnacháin lena gcuirtear na húdaráis inniúla an fíorú dá dtagraítear i mír 7 ar bun a shonrú; Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2028. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|