+Airteagal 325i 3.

Airteagal 325i 3.

Féadfaidh institiúidí an cur chuige a leagtar amach i mír 2 a úsáid maidir le hionstraimí lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá na comhpháirteanna den innéacs liostaithe agus a n-ualuithe faoi seach san innéacs sin ar eolas;

(b) 

tá 20 comhpháirt ar a laghad san innéacs liostaithe;

(c) 

ní hionann aon chomhpháirt aonair laistigh den innéacs liostaithe agus os cionn 25 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;

(d) 

ní hionann aon tacar ina bhfuil an deichiú cuid de líon iomlán chomhpháirteanna an innéacs liostaithe, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, agus os cionn 60 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;

(e) 

ní lú ná EUR 40 billiún caipitliú margaidh iomlán chomhpháirteanna uile an innéacs liostaithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas