+Airteagal 325i Ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile a láimhseáil
---+Airteagal 325i 1.
---+Airteagal 325i 2.
---+Airteagal 325i 3.
---+Airteagal 325i 4.
---+Airteagal 325i 5.
---+Airteagal 325i 6.
|
Airteagal 325i Ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile a láimhseáil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325i 1.
|
Úsáidfidh institiúidí cur chuige trébhreathnaitheach le haghaidh ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
(a)
chun críocha ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca deilte agus riosca cuaire a ríomh, measfaidh institiúidí go bhfuil suíomhanna aonair ina seilbh go díreach i gcomhpháirteanna foluiteacha an innéacs nó ionstraimí il-fholuiteacha eile, ach amháin maidir le suíomh in innéacs a áirítear san ACTP a ndéanfaidh siad íogaireacht aonair ar an innéacs a ríomh ina leith;
(b)
lamháiltear d’institiúidí na híogaireachtaí ar fhachtóir riosca atá ina chomhpháirt d’ionstraim innéacs nó d’ionstraim il-fholuiteach eile a ghlanluacháil leis na híogaireachtaí ar an bhfachtóir riosca céanna den chomhpháirt chéanna d’ionstraimí aonainm, cé is moite de shuíomhanna a áirítear san ACTP;
(c)
chun críocha ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca véige a ríomh, féadfaidh institiúidí a mheas go bhfuil suíomhanna aonair i gcomhchodanna foluiteacha an innéacs nó ionstraim il-fholuiteach eile ina seilbh dhíreach acu, nó féadfaidh siad íogaireacht aonair a ríomh maidir le hionstraim fholuiteach na hionstraime sin. Sa dara cás, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
(i)
i gcás ina ndéanfaí níos mó ná 75 % de na comhpháirteanna san innéacs sin a mhapáil ar an mbuicéad céanna, agus ualuithe an innéacs sin á gcur san áireamh, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad sin agus déanfaidh siad í a láimhseáil mar íogaireacht aonainm sa bhuicéad sin;
(ii)
i ngach cás eile, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad innéacs ábhartha.
|
|
Airteagal 325i 2.
|
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh institiúidí íogaireacht aonair ar shuíomh i gcothromas nó in innéacs creidmheasa liostaithe a ríomh chun críocha na gceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh ar choinníoll go gcomhlíonann an cothromas liostaithe nó an t-innéacs creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Sa chás sin, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
(a)
i gcás ina ndéanfaí níos mó ná 75 % de na comhpháirteanna san innéacs liostaithe sin a mhapáil ar an mbuicéad céanna, agus ualuithe an innéacs liostaithe sin á gcur san áireamh, déanfar an íogaireacht sin a shannadh don bhuicéad sin agus déanfar í a láimhseáil mar íogaireacht aonainm sa bhuicéad sin;
(b)
i ngach cás eile, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad innéacs liostaithe ábhartha.
|
|
Airteagal 325i 3.
|
Féadfaidh institiúidí an cur chuige a leagtar amach i mír 2 a úsáid maidir le hionstraimí lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá na comhpháirteanna den innéacs liostaithe agus a n-ualuithe faoi seach san innéacs sin ar eolas;
(b)
tá 20 comhpháirt ar a laghad san innéacs liostaithe;
(c)
ní hionann aon chomhpháirt aonair laistigh den innéacs liostaithe agus os cionn 25 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;
(d)
ní hionann aon tacar ina bhfuil an deichiú cuid de líon iomlán chomhpháirteanna an innéacs liostaithe, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, agus os cionn 60 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;
(e)
ní lú ná EUR 40 billiún caipitliú margaidh iomlán chomhpháirteanna uile an innéacs liostaithe.
|
|
Airteagal 325i 4.
|
Ní úsáidfidh aon institiúid, go comhsheasmhach le himeacht ama, ach an cur chuige a leagtar amach i mír 1 nó an cur chuige a leagtar amach i mír 2 le haghaidh na n-ionstraimí uile lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Beidh ar institiúid cead a fháil roimh ré ón údarás inniúil sula n-aistreoidh sí ó chur chuige amháin go ceann eile.
|
|
Airteagal 325i 5.
|
Maidir le hinnéacs nó ionstraim il-fholuiteach eile, bainfear leas as ionchuir íogaireachta comhsheasmhacha i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh, gan beann ar na cineálacha cur chuige a úsáidfear i gcomhair na hionstraime sin.
|
|
Airteagal 325i 6.
|
Beidh innéacs nó ionstraimí il-fholuiteacha a iompraíonn rioscaí iarmharacha eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 325u(5) faoi réir an fhorlíontáin riosca iarmharaigh dá dtagraítear i Roinn 4.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|