|
+Airteagal 325l 7. |
Airteagal 325l 7.Na fachtóirí
►C12
riosca ◄ vega i dtaca le ráta úis ginearálta is infheidhme maidir le céadroghanna lena mbaineann ionstraimí foluiteacha atá íogair ar ráta úis ginearálta, is éard a bheidh sna fachtóirí sin luaineachtaí intuigthe na rátaí úis saor ó phriacal lena mbaineann mar a thuairiscítear i mír 2 agus mír 3, a ndéanfar a shannadh do bhuicéid ag brath ar an airgeadra agus arna mapáil ar na haibíochtaí seo a leanas laistigh de gach buicéad: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Buicéad amháin in aghaidh an airgeadra a bheidh ann. Chun críocha mapála, measfaidh gach institiúid gur san fhachtóir ►C12 riosca ◄ céanna a bheidh luaineachtaí intuigthe arna nascadh leis na rátaí céanna saor ó phriacal agus arna mapáil ar na haibíochtaí céanna. I gás ina mapálann institiúidí luaineachtaí intuigthe leis na haibíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
(a)
i gcás ina ndéantar an chéadrogha a ailíniú le haibíocht na hionstraime foluití, déanfar fachtóir ►C12 riosca ◄ aonair a mheas, a dhéanfar a mhapáil don aibíocht sin;
(b)
i gcás inar giorra aibíocht na céadrogha ná aibíocht na hionstraime foluití, déanfar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ seo a leanas a mheas mar a leanas:
(i)
déanfar an chéad fhachtóir ►C12 riosca ◄ a mhapáil d'aibíocht na céadrogha;
(ii)
déanfar an dara fachtóir ►C12 riosca ◄ a mhapáil d'aibíocht iarmharach na hionstraime foluití dáta éaga na céadrogha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|