+Airteagal 325q 7.

Airteagal 325q 7.

De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 3, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil óna húdaráis inniúil, airgeadra eile (“an bunairgeadra”) a chur in ionad a hairgeadra tuairiscithe sna spotrátaí malairte uile chun na fachtóirí riosca malairte eachtraí deilte agus cuaire a shloinneadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

níl ach aon airgeadra bunúsach amháin in úsáid ag an institiúid;

(b) 

cuireann an institiúid an bunairgeadra i bhfeidhm go comhsheasmhach ar a suíomhanna leabhair trádála uile agus ar a suíomhanna leabhair neamhthrádála uile;

(c) 

tá an méid a leanas léirithe ag an institiúid chun sástachta a údaráis inniúil:

(i) 

fágann úsáid an bhonnairgeadra a roghnaíodh gur ann d’ionadaíocht iomchuí riosca do shuíomhanna na hinstitiúide atá faoi riosca malairte eachtraí;

(ii) 

tá rogha an bhunairgeadra comhoiriúnach leis an gcaoi a bhfuil na rioscaí malairte eachtraí sin á mbainistiú go hinmheánach ag an institiúid;

(iii) 

ní hé an fonn atá ann ceanglais cistí dílse na hinstitiúide a laghdú is cúis go príomha le rogha an bhunairgeadra;

(d) 

cuireann an institiúid san áireamh an riosca aistriúcháin idir an t-airgeadra tuairiscithe agus an bunairgeadra.

Aon institiúid a bhfuil cead tugtha di bunairgeadra a úsáid mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a thiocfaidh as an méid sin i gcomhair riosca malairte eachtraí a chomhshó san airgeadra tuairiscithe, agus úsáid á baint as an spotráta malairte atá i réim idir an bunairgeadra agus an t-airgeadra tuairiscithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas