+Airteagal 325q Fachtóirí►C12riosca◄um phriacal malairte eachtraí
---+Airteagal 325q 1.
---+Airteagal 325q 2.
---+Airteagal 325q 3.
---+Airteagal 325q 4.
---+Airteagal 325q 5.
---+Airteagal 325q 6.
---+Airteagal 325q 7.
|
Airteagal 325q Fachtóirí►C12riosca◄um phriacal malairte eachtraí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325q 1.
|
Is é a bheidh sna fachtóirí riosca malairte eachtraí deilte is ionchurtha i bhfeidhm ag institiúidí ar ionstraimí atá íogair ar mhalairt eachtrach ná na spotrátaí malairte eachtraí go léir idir an t-airgeadra ina bhfuil an ionstraim ainmnithe agus airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide nó bunairgeadra na hinstitiúide i gcás ina bhfuil an institiúid ag úsáid airgeadra bunaidh i gcomhréir le mír 7. Buicéad amháin a bheidh ann in aghaidh gach péire airgeadra, ina mbeidh fachtóir riosca aonair agus glaníogaireacht aonair.
|
|
Airteagal 325q 2.
|
Is éard a bheidh sna fachtóirí riosca véige malairte eachtraí atá le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo atá íogair ar an malairt eachtrach ná luaineachtaí atá intuigthe ó rátaí malairte idir na péirí airgeadraí. Déanfar na luaineachtaí intuigthe sin a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíochtaí na gcéadroghanna comhfhreagracha atá faoi réir ceanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana agus 10 mbliana.
|
|
Airteagal 325q 3.
|
Is é a bheidh sna fachtóirí riosca cuaire malairte eachtraí is ionchurtha i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí lena ngabhann ionstraimí foluiteacha atá íogair ar mhalairt eachtrach ná na fachtóirí riosca deilte malairte eachtraí dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 325q 4.
|
Ní bheidh de cheanglas ar institiúidí idirdhealú a dhéanamh idir athróga intíre agus eischósta airgeadra i gcomhair gach fachtóra phriacail chuaire, vega, deilte agus malairte eachtraí.
|
|
Airteagal 325q 5.
|
I gcás nach dtagraíonn ráta malairte eachtraí arb í an ionstraim í is foluiteach le hionstraim i atá faoi réir ceanglais cistí dílse i gcomhair rioscaí cuaire d’airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide ná do bhunairgeadra na hinstitiúide, féadfaidh an institiúid na comhpháirteanna comhfhreagracha a roinnt ar 1,5  agus  an ní a leagan amach i mír 2 d’Airteagal 325g arb é xk
an fachtóir riosca malairte eachtraí ina leith idir ceann amháin de dhá airgeadra na bunionstraime agus airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide nó bunairgeadra na hinstitiúide, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 325q 6.
|
Féadfaidh institiúid, faoi réir cead a fháil óna údarás inniúil, na comhpháirteanna a roinnt ar 1,5  agus  an ní a leagan amach in Airteagal 325g(2) go comhsheasmhach le haghaidh fachtóirí riosca malairte eachtraí uile na n-ionstraimí a bhaineann le malairt eachtrach agus atá faoi réir ag ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire, ar choinníoll, maidir le haon fhachtóirí riosca malairte eachtraí atá bunaithe ar airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide nó ar bhunairgeadra na hinstitiúide, de réir mar is infheidhme, a áirítear i ríomh na gcomhpháirteanna sin, go ndéanfar iad a aistriú go comhuaineach.
|
|
Airteagal 325q 7.
|
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 3, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil óna húdaráis inniúil, airgeadra eile (“an bunairgeadra”) a chur in ionad a hairgeadra tuairiscithe sna spotrátaí malairte uile chun na fachtóirí riosca malairte eachtraí deilte agus cuaire a shloinneadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)
níl ach aon airgeadra bunúsach amháin in úsáid ag an institiúid;
(b)
cuireann an institiúid an bunairgeadra i bhfeidhm go comhsheasmhach ar a suíomhanna leabhair trádála uile agus ar a suíomhanna leabhair neamhthrádála uile;
(c)
tá an méid a leanas léirithe ag an institiúid chun sástachta a údaráis inniúil:
(i)
fágann úsáid an bhonnairgeadra a roghnaíodh gur ann d’ionadaíocht iomchuí riosca do shuíomhanna na hinstitiúide atá faoi riosca malairte eachtraí;
(ii)
tá rogha an bhunairgeadra comhoiriúnach leis an gcaoi a bhfuil na rioscaí malairte eachtraí sin á mbainistiú go hinmheánach ag an institiúid;
(iii)
ní hé an fonn atá ann ceanglais cistí dílse na hinstitiúide a laghdú is cúis go príomha le rogha an bhunairgeadra;
(d)
cuireann an institiúid san áireamh an riosca aistriúcháin idir an t-airgeadra tuairiscithe agus an bunairgeadra.
Aon institiúid a bhfuil cead tugtha di bunairgeadra a úsáid mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a thiocfaidh as an méid sin i gcomhair riosca malairte eachtraí a chomhshó san airgeadra tuairiscithe, agus úsáid á baint as an spotráta malairte atá i réim idir an bunairgeadra agus an t-airgeadra tuairiscithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|