Airteagal 325u 6.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na critéir a shonrú atá le húsáid ag na hinstitiúidí chun na suíomhanna a cháilíonn don mhaolú dá dtagraítear i mír 4a a shainaithint. Áireofar sna critéir sin, ar a laghad, cineál na n-ionstraimí dá dtagraítear sa mhír sin, glanbhrabús agus glanchaillteanas na suíomhanna comhcheangailte, íogaireachtaí na suíomhanna comhcheangailte agus na rioscaí atá fós neamhfhálaithe sna suíomhanna comhcheangailte, ag cur san áireamh go háirithe gur féidir an suíomh bunaidh a fhálú le méid páirteach. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|