+Airteagal 325v Sainmhínithe agus forálacha ginearálta
---+Airteagal 325v 1.
---+Airteagal 325v 2.
---+Airteagal 325v 3.

Airteagal 325v Sainmhínithe agus forálacha ginearálta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325v 1.

Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “ ►C12  neamhchosaint ◄ ghearrthéarmach” gur gnóthachan don institiúid is toradh le mainneachtain eisitheora nó grúpa eisitheoirí, gan beann ar an gcineál ionstraime nó idirbhirt lena gcruthaítear an ►C12  neamhchosaint ◄ ;

(b) 

ciallaíonn “ ►C12  neamhchosaint ◄ fhadtéarmach” gur caillteanas don institiúid is toradh le mainneachtain eisitheora nó grúpa eisitheoirí, gan beann ar an gcineál ionstraime nó idirbhirt lena gcruthaítear an ►C12  neamhchosaint ◄ ;

(c) 

ciallaíonn “ollmhéid na mainneachtana gan choinne (ollmhéid JTD)” méid measta an ghnóthachain nó an chaillteanais a thiocfadh as mainneachtain féichiúnaí maidir le ►C12  neamhchosaint ◄ ar leith;

(d) 

ciallaíonn “glanmhéid na mainneachtana gan choinne (glanmhéid JTD)” méid measta an ghnóthachain nó an chaillteanais a thabhódh institiúid mar gheall ar mainneachtain féichiúnaí, tar éis fritháireamh a dhéanamh idir ollmhéideanna JTD,

(e) 

ciallaíonn “caillteanas i gcás mainneachtana” nó “LGD” caillteanas i gcás mainneachtana an fhéichiúnaí maidir le hionstraim arna heisiúint ag an bhféichiúnaí sin arna shloinneadh mar sciar de mhéid bharúlach na hionstraime;

(f) 

ciallaíonn “ualú ►C12  riosca ◄ mainneachtana” an céatadán lena léirítear dóchúlacht mainneachtana measta gach féichiúnaí, i gcomhréir le hacmhainneacht creidmheasa an fhéichiúnaí sin.

Airteagal 325v 2.
Beidh feidhm ag ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12  riosca ◄ mainneachtana maidir le hionstraimí fiachais agus cothromais, ionstraimí díorthacha a bhfuil na hionstraimí sin a bhí ann cheana mar ionstraimí foluiteacha acu agus díorthaigh, a bhfuil éifeacht ar a ndea-thorthaí nó luachanna córa ag mainneachtain de chuid féichiúnaí nach contrapháirtí na hionstraime díorthaí féin. Déanfaidh institiúidí na ceanglais i gcomhair ►C12  riosca ◄ mainneachtana a ríomh go leithleach maidir le gach ceann de na cineálacha ionstraime seo a leanas: neamhurrúsúcháin, urrúsúcháin nach gcumhdaítear le ACTP agus urrúsúcháin a chumhdaítear le ACTP. Is éard a bheidh sna ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12  riosca ◄ mainneachtana deiridh institiúide suim na dtrí comhpháirteanna sin.
Airteagal 325v 3.
Maidir le díorthaigh chreidmheasa agus chothromais a thrádáiltear nach díorthaigh urrúsúcháin iad, déanfar méideanna JTD de réir comhpháirteanna aonair a chinneadh trí chur chuige an trébhreathnaithe a chur i bhfeidhm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas