+Airteagal 325v 1.

Airteagal 325v 1.

Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “ ►C12  neamhchosaint ◄ ghearrthéarmach” gur gnóthachan don institiúid is toradh le mainneachtain eisitheora nó grúpa eisitheoirí, gan beann ar an gcineál ionstraime nó idirbhirt lena gcruthaítear an ►C12  neamhchosaint ◄ ;

(b) 

ciallaíonn “ ►C12  neamhchosaint ◄ fhadtéarmach” gur caillteanas don institiúid is toradh le mainneachtain eisitheora nó grúpa eisitheoirí, gan beann ar an gcineál ionstraime nó idirbhirt lena gcruthaítear an ►C12  neamhchosaint ◄ ;

(c) 

ciallaíonn “ollmhéid na mainneachtana gan choinne (ollmhéid JTD)” méid measta an ghnóthachain nó an chaillteanais a thiocfadh as mainneachtain féichiúnaí maidir le ►C12  neamhchosaint ◄ ar leith;

(d) 

ciallaíonn “glanmhéid na mainneachtana gan choinne (glanmhéid JTD)” méid measta an ghnóthachain nó an chaillteanais a thabhódh institiúid mar gheall ar mainneachtain féichiúnaí, tar éis fritháireamh a dhéanamh idir ollmhéideanna JTD,

(e) 

ciallaíonn “caillteanas i gcás mainneachtana” nó “LGD” caillteanas i gcás mainneachtana an fhéichiúnaí maidir le hionstraim arna heisiúint ag an bhféichiúnaí sin arna shloinneadh mar sciar de mhéid bharúlach na hionstraime;

(f) 

ciallaíonn “ualú ►C12  riosca ◄ mainneachtana” an céatadán lena léirítear dóchúlacht mainneachtana measta gach féichiúnaí, i gcomhréir le hacmhainneacht creidmheasa an fhéichiúnaí sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas