+Airteagal 325ac Méideanna mainneachtana gan choinne i gcomhair ACTP
---+Airteagal 325ac 1.
---+Airteagal 325ac 2.
---+Airteagal 325ac 3.
---+Airteagal 325ac 4.

Airteagal 325ac Méideanna mainneachtana gan choinne i gcomhair ACTP

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325ac 1.

Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “dí-chomhdhéanamh le samhail luachála” go luachálfar comhdhéanamh aonainm neamhurrúsúcháin mar an difríocht idir luach neamhchoinníollach an urrúsúcháin agus luach coinníollach an urrúsúcháin ag glacadh leis go mainneoidh an t-aonainm sin le LGD 100 %;

(b) 

ciallaíonn “macasamhlú” go ndéantar an teaglaim tráinsí innéacs neamhurrúsúcháin aonair a chumasc chun tráinse eile den tsraith innéacs sin a mhacasamhlú, nó chun suíomh nach bhfuil i dtráinse sa tsraith innéacs a mhacasamhlú;

(c) 

ciallaíonn “dí-chomhdhéanamh” innéacs a mhacasamhlú trí urrúsúchán inarb ionann na ►C12  neamhchosainti ◄ sa chomhthiomsú agus na ►C12  neamhchosainti ◄ aonainm lena gcomhdhéantar an t-innéacs.

Airteagal 325ac 2.
Is éard a bheidh sna hollmhéideanna JTD i gcomhair ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin agus i gcomhair ►C12  neamhchosainti ◄ neamhurrúsúcháin in ACTP a luach margaidh, nó, mura bhfuil fáil ar a luach margaidh, a luach cóir a chinnfear i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
Airteagal 325ac 3.

Déileálfar le táirgí Nú mainneachtana mar tháirgí i dtráinsí a mbeidh na pointí astaithe agus na pointí dí-astaithe seo acu:

(a) 

pointe astaithe = (N – 1) / Ainmneacha Iomlána;

(b) 

pointe dí-astaithe = N / Ainmneacha Iomlána;

i gcás inarb é “Ainmneacha Iomlána” líon iomlán na n-ainmneacha sa bhascaed nó sa chomhthiomsú comhfhreagrach.

Airteagal 325ac 4.

Déanfar glanmhéideanna JTD a chinneadh trí ollmhéideanna JTD fadtéarmacha agus ollmhéideanna JTD gearrthéarmacha a fhritháireamh. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin idir ►C12  neamhchosainti ◄ arb ionann iad ar gach dóigh ach amháin maidir le haibíocht. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

maidir le hinnéacsanna, tráinsí innéacs agus tráinsí saincheaptha, féadfar fritháireamh a dhéanamh ar aibíochtaí sa chlann innéacs chéanna, sa tsraith innéacs chéanna agus sa tráinse innéacs céanna, faoi réir na bhforálacha maidir le ►C12  neamhchosainti ◄ ar lú ná bliain amháin iad mar a leagtar síos in Airteagal 325x; is féidir méideanna JTD fadtéarmacha agus méideanna JTD gearrthéarmacha, ar macasamhlaithe foirfe iad, a fhritháireamh trína ndí-chomhdhéanamh i ►C12  neamhchosainti ◄ coibhéiseacha aonainm agus shamhail luachála á húsáid; i gcásanna den chineál sin beidh suim na n-ollmhéideanna JTD de chuid ►C12  neamhchosainti ◄ coibhéiseacha aonainm arna bhfáil trí dhí-chomhdhéanamh cothrom le hollmhéid JTD na risíochta neamh-dhí-chomhdhéanta.

(b) 

ní cheadófar fritháireamh, mar a leagtar síos i bpointe (a) é, trí dhí-chomhdhéanamh maidir le hathurrúsúcháin nó le díorthaigh ar urrúsúcháin.

(c) 

maidir le hinnéacsanna agus tráinsí innéacs, beidh fritháireamh indéanta ar aibíochtaí sa chlann innéacs chéanna, sa tsraith innéacs chéanna agus sa tráinse innéacs céanna trí mhacasamhlú nó trí dhí-chomhdhéanamh; i gcás ina mbeidh na ►C12  neamhchosaintí ◄ fadtéarmacha agus na ►C12  neamhchosainti ◄ gearrthéarmacha coibhéiseach, seachas comhpháirt iarmharach aonair, ceadófar fritháireamh agus léireoidh glanmhéid JTD an ►C12  neamhchosainti ◄ iarmharach.

(d) 

ní cheadófar tráinsí difriúla sa tsraith innéacs chéanna, i sraitheanna difriúla den innéacs céanna agus i gclanna innéacs difriúla a fhritháireamh ar a chéile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas