+Airteagal 325bh Ceanglais maidir le►C12riosca◄a thomhas
---+Airteagal 325bh 1.
---+Airteagal 325bh 2.
|
Airteagal 325bh Ceanglais maidir le►C12riosca◄a thomhas
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325bh 1.
|
Institiúidí a úsáideann samhail tomhais phriacail inmheánach chun na ceanglais cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ margaidh dá dtagraítear in Airteagal 325ba a ríomh, áiritheoidh na hinstitiúidí sin go gcomhlíonann an tsamhail na ceanglais seo a leanas go léir:
(a)
gabhfar líon leordhóthanach fachtóirí
►C12
riosca ◄ sa tsamhail tomhais phriacail inmheánach, lena n-áireofar ar a laghad na fachtóirí dá dtagraítear i bhForoinn 1 de Roinn 3 den Chaibidil 1a mura léiríonn an institiúid do na húdaráis inniúla nach ndéanann easnamh na bhfachtóirí
►C12
riosca ◄ sin difear ábhartha do thorthaí an cheanglais sannta B&C dá dtagraítear in Airteagal 325bg; beidh institiúidí in ann a mhíniú do na húdaráis inniúla an fáth a ndearna siad fachtóir
►C12
riosca ◄ a ionchorprú ina samhail phraghsála agus gan é a ionchorprú ina samhail tomhais phriacail inmheánach.
(b)
gabhfar leis an tsamhail tomhais phriacail neamhlíneachtaí maidir le céadroghanna agus táirgí eile chomh maith le
►C12
riosca ◄ comhghaoil agus
►C12
riosca ◄ boinn.
(c)
ionchorprófar leis an tsamhail tomhais
►C12
riosca ◄ inmheánach sraith fachtóirí
►C12
riosca ◄ a chomhfhreagraíonn do rátaí úis gach airgeadra ina bhfuil suíomhanna lena mbaineann íogaireacht ráta úis laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ag an institiúid; déanfaidh an institiúid na cuair toraidh a shamhaltú ag úsáid ceann de na cineálacha cur chuige a bhfuil glactha leo go ginearálta; déanfar an cuar toraidh a roinnt ina dheighleoga aibíochta, chun luaineachtaí rátaí feadh an chuair toraidh a ghabháil; maidir le
►C12
neamhchosainti ◄ ábhartha ar phriacal ráta úis sna hairgeadraí agus sna margaí móra, déanfar an cuar toraidh a shamhaltú ag úsáid sé dheighleog aibíochta ar a laghad, agus beidh líon na fachtóirí
►C12
riosca ◄ a úsáidtear chun an cuar toraidh a shamhaltú comhréireach le cineál agus castacht straitéisí trádála na hinstitiúide; déanfaidh an tsamhail phriacail raon difríochta luaineachtaí nach bhfuil comhghaolaithe go foirfe idir cuair toraidh dhifriúla nó ionstraimí airgeadais difriúla ar an eisitheoir foluiteach céanna a ghabháil.
▼M17
(d)
ionchorprófar leis an tsamhail inmheánach tomhaiste riosca fachtóirí riosca a chomhfhreagraíonn d'ór agus do na hairgeadraí eachtracha aonair ina bhfuil suíomhanna na hinstitiúide ainmnithe; i gcás gnóthais chomhinfheistíochta, cuirfear suímh iarbhír maidir le hairgeadra eachtrach an ghnóthais comhinfheistíochta san áireamh; féadfaidh institiúidí dul i muinín tuairisciú tríú páirtí ar shuíomh an ghnóthais comhinfheistíochta in airgeadra eachtrach i gcás ina bhfuil cruinneas na tuairisce sin áirithithe go leormhaith.
▼M8
(e)
beidh sofaisticiúlacht na teicníce samhaltaithe coibhéiseach le hábharthacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide ar na margaí cothromais; úsáidfidh an tsamhail
►C12
tomhais-riosca ◄ inmheánach fachtóir
►C12
riosca ◄ ar leithligh maidir le gach margadh cothromais ar a laghad ina sealbhaíonn an institiúid suíomhanna suntasacha agus fachtóir
►C12
riosca ◄ amháin ar a laghad lena ngabhfar gluaiseachtaí i bpraghsanna cothromais agus spleáchas an fhachtóra phriacail sin ar na fachtóirí
►C12
riosca ◄ aonair maidir le gach margadh cothromais.
(f)
úsáidfidh an tsamhail
►C12
tomhais-riosca ◄ inmheánach fachtóir
►C12
riosca ◄ ar leithligh maidir le gach tráchtearra ar a laghad ina sealbhaíonn an institiúid suíomhanna suntasacha mura bhfuil suíomh tráchtearraí comhiomlánaithe beag ag an institiúid i gcomparáid lena gníomhaíochtaí trádála go léir agus sa chás sin féadfaidh sí fachtóir
►C12
riosca ◄ ar leithligh a úsáid maidir le gach cineál tráchtearra; maidir le
►C12
neamhchosainti ◄ ábhartha ar mhargaí tráchtearraí, déanfar a ghabháil leis an tsamhail an
►C12
neamhchosainti ◄ a bhaineann le gluaiseachtaí nach bhfuil comhghaolaithe ar bhealach iomlán foirfe idir tráchtearraí atá cosúil ach nach bhfuil comhionann, an
►C12
riosca ◄ ar athruithe i réamhphraghsanna a thagann as neamhréireacha aibíochta agus an toradh áise idir suíomhanna díorthach agus suíomhanna airgid thirim.
(g)
aon ionadaigh a mbainfear úsáid astu, taispeánfaidh siad cuntas teiste maithe i leith an tsuímh iarbhír a shealbhaítear, beidh siad coimeádach go hiomchuí agus ní úsáidfear iad ach amháin i gcás ina mbeidh na sonraí atá ar fáil neamhleor, mar shampla le linn na tréimhse struis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 325bc(2).
(h)
maidir le
►C12
neamhchosainti ◄ ar phriacail luaineachta in ionstraimí ina bhfuil roghnaíocht, déanfar a ghabháil leis an tsamhail tomhais
►C12
riosca ◄ inmheánach spleáchas luaineachtaí intuigthe i bpraghsanna feidhmithe agus aibíochtaí céadroghanna.
▼M17
(i)
i gcás suíomhanna i ngnóthais chomhinfheistíochta, déanfaidh institiúidí suíomhanna foluiteacha na ngnóthas comhinfheistíochta a thrébhreathnú ar bhonn seachtainiúil ar a laghad chun a gceanglas cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis an gCaibidil seo; i gcás ina gcuirtear cur chuige na trébhreathnaitheachta i gcrích go seachtainiúil, beidh institiúidí in ann faireachán a dhéanamh ar na rioscaí a thagann as athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh an ghnóthais comhinfheistíochta; mura bhfuil ionchuir sonraí leordhóthanacha nó faisnéis leordhóthanach ag institiúidí chun ceanglasna ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh maidir le suíomh gnóthais comhinfheistíochta i gcomhréir le cur chuige sin an trébhreathnaithe, féadfaidh siad brath ar thríú páirtí chun na hionchuir sonraí sin nó an fhaisnéis sin a fháil, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
(1)
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an ghnóthais comhinfheistíochta, ar an gcoinníoll go ndéanann an gnóthas comhinfheistíochta infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanann sé gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
(2)
cuideachta bhainistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir a leagtar amach in Airteagal 132(3), pointe (a);
(3)
díoltóir tríú páirtí ar choinníoll go ndéanann na tríú páirtithe dá dtagraítear i bpointe (1) nó (2) den phointe seo nó díoltóir tríú páirtí eile den sórt sin na sonraí, an fhaisnéis nó na méadrachtaí riosca a sholáthar nó a ríomh;
(ii)
déanann an tríú páirtí na sonraí, an fhaisnéis nó na méadrachtaí riosca a sholáthar don institiúid chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh shuíomh an ghnóthais comhinfheistíochta i gcomhréir le cur chuige an trébhreathnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír;
(iii)
dhearbhaigh iniúchóir seachtrach a rinne iniúchadh ar an institiúid gur leordhóthanach sonraí, faisnéis nó méadrachtaí riosca an tríú páirtí dá dtagraítear i bpointe (ii) agus go bhfuil rochtain gan srian ag an údarás inniúil ar na sonraí, ar an bhfaisnéis nó ar na méadrachtaí riosca sin arna n-iarraidh sin.
|
|
Airteagal 325bh 2.
|
Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as comhghaolta eimpíreacha laistigh de chatagóirí leathana fachtóirí riosca agus, chun an beart easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe UESt dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) a ríomh, thar chatagóirí leathana fachtóirí riosca i gcás ina bhfuil cur chuige na hinstitiúide le haghaidh thomhas na gcomhghaolta sin fónta, comhsheasmhach leis na tréimhsí leachtachta ionchasacha is infheidhme, nó leis an tréimhse ionchasach bunaidh 10 lá a leagtar amach in Airteagal 325bc(1) ach an t-údarás inniúil a bheith sásta leis sin, agus arna chur chun feidhme go hionraic, agus sa chás sin amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|