|
+Airteagal 325bi 1. |
Airteagal 325bi 1.Beidh aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ arna húsáid chun críocha na Caibidle seo fónta ar bhonn coincheapúil, déanfar í a ríomh agus a chur i bhfeidhm go hionraic agus comhlíonfar léi na ceanglais cháilíochtúla uile a leanas:
(a)
aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ a úsáidfear chun ceanglais chaipitil a ríomh le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh, beidh sí comhtháite go dlúth le próiseas laethúil bainistithe phriacail na hinstitiúide agus úsáidfear í mar bhonn chun ►C12 neamhchosaint ◄ ar phriacal a thuairisciú don bhainistíocht shinsearach.
(b)
beidh aonad rialaithe riosca atá neamhspleách ar aonaid trádála gnó ag institiúid agus tuairisceoidh an t-aonad go díreach chun na bainistíochta sinsearaí; beidh an t-aonad sin:
(i)
freagrach as aon samhail inmheánach tomhaiste riosca, arna húsáid sa chur chuige malartach samhla inmheánaí chun críocha na Caibidle seo, a dhearadh agus a chur chun feidhme;
(ii)
freagrach as an gcóras foriomlán bainistithe riosca;
(iii)
freagrach as tuairiscí laethúla a tháirgeadh maidir le haschur aon samhla inmheánaí arna húsáid chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh, agus maidir le hoiriúnacht na mbeart a bheidh le déanamh i dtéarmaí teorainneacha trádála, agus as anailís a dhéanamh orthu.
(c)
Beidh an comhlacht bainistíochta agus an bhainistíocht shinsearach rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas rialaithe ►C12 riosca ◄ agus déanfar athbhreithniú ar na tuairiscí laethúla arna ndéanamh ag an aonad rialaithe ►C12 riosca ◄ ar leibhéal bainistíochta a mbeidh údarás leordhóthanach aige chun laghdú ar shuíomhanna arna nglacadh ag trádálaithe aonair a cheangal agus laghdú ar ►C12 neamhchosaint ◄ fhoriomlán na hinstitiúide ar phriacal a cheangal.
(d)
Beidh líon foirne leordhóthanach ag an institiúid a bhfuil na scileanna atá acu ar leibhéal is iomchuí maidir le sofaisticiúlacht na samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ a úsáidfear, agus líon foirne leordhóthanach a bhfuil scileanna acu sna réimsí trádála, rialaithe ►C12 riosca ◄ , iniúchta agus cúloifige.
(e)
Beidh tacar doiciméadaithe de bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú foriomlán a samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad.
(f)
Aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ , lena n-áirítear aon samhail phraghsála, beidh cuntas teiste cruthaithe aige maidir le cruinneas réasúnach i ►C12 riosca ◄ a thomhas, agus ní bheidh difear suntasach ann idir an tsamhail sin agus na samhlacha a úsáideann an institiúid dá bainistíocht phriacail inmheánach.
(g)
Déanfaidh an institiúid dianchláir tástála struis go minic, lena n-áirítear tástálacha struis droim ar ais, lena gcuimseofar aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ ; déanfaidh an bhainistíocht shinsearach athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha struis sin ar bhonn míosa ar a laghad agus beidh na torthaí i gcomhréir leis na beartais agus na teorainneacha atá faofa ag an gcomhlacht bainistíochta; déanfaidh an institiúid bearta iomchuí i gcás ina léireoidh torthaí na dtástálacha struis caillteanais iomarcacha a eascróidh as gnó na hinstitiúide maidir le trádáil faoi imthosca áirithe;
(h)
Déanfaidh an institiúid athbhreithniú neamhspleách ar a samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ , mar chuid dá próisis iniúchóireachta inmheánaí rialta, nó trí shainordú a thabhairt do ghnóthas tríú páirtí an t-athbhreithniú sin a dhéanamh, athbhreithniú a dhéanfar chun sástacht na n-údarás inniúil. Déanfaidh aonad bailíochtaithe, ar aonad é atá ar leithligh ón aonad rialaithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), an bailíochtú tosaigh agus leanúnach ar aon samhail inmheánach tomhaiste riosca arna húsáid sa chur chuige malartach samhla inmheánaí chun críocha na Caibidle seo. Chun críocha phointe (h) den chéad fhomhír, is gnóthas tríú páirtí é gnóthas a chuireann seirbhísí iniúchóireachta nó seirbhísí comhairliúcháin ar fáil d'institiúidí agus a bhfuil líon foirne aige a bhfuil a ndóthain scileanna acu sa réimse a bhaineann le ►C12 riosca ◄ margaidh i ngníomhaíochtaí trádála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|