|
+Airteagal 325bn 1. |
Airteagal 325bn 1.Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ mainneachtana a ríomh trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana do phunann na suíomhanna uile leabhar trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl mar seo a leanas:
(a)
beidh na ceanglais cistí dílse cothrom le huimhir luacha faoi phriacal lena ndéanfar tomhas ar chaillteanais a d'fhéadfadh a bheith ann i luach margaidh na punainne mar thoradh ar mhainneachtain eisiúnaithe a bhaineann leis na suíomhanna sin ag an eatramh muiníne 99.9 % thar thréimhse ionchasach bliana.
(b)
ciallaíonn an caillteanas a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtagraítear i bpointe (a) caillteanas díreach nó indíreach i luach margaidh an tsuímh mar thoradh ar mhainneachtain na n-eisiúnaithe agus ar caillteanas incriminteach é ar aon chaillteanais a chuirfear san áireamh roimhe sin i luacháil reatha an tsuímh; déanfar mainneachtain eisiúnaithe na suíomhanna cothromais a léiriú trí luach phraghsanna cothromais na n-eisiúnaithe a chur go nialas.
(c)
cinnfidh institiúidí na comhghaolta mainneachtana idir eisiúnaithe éagsúla bunaithe ar mhodheolaíocht atá fónta ar bhonn coincheapúil agus trí úsáid a bhaint as sonraí stairiúla oibiachtúla maidir le raonta difríochta creidmheasa margaidh nó praghsanna cothromais a chumhdaíonn tréimhse 10 mbliana ar a laghad lena n-áirítear an tréimhse struis arna sainiú ag an institiúid i gcomhréir le hAirteagal 325bc(2); déanfar ríomh na gcomhghaolta mainneachtana idir na heisiúnaithe éagsúla a chalabrú do thréimhse ionchasach bliana.
(d)
beidh an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana bunaithe ar thoimhde suímh sheasta bliana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|