+Airteagal 325bn Ceanglais cistí dílse le haghaidh►C12riosca◄mainneachtana trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an►C12riosca◄mainneachtana
---+Airteagal 325bn 1.
---+Airteagal 325bn 2.
---+Airteagal 325bn 3.

Airteagal 325bn Ceanglais cistí dílse le haghaidh►C12riosca◄mainneachtana trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an►C12riosca◄mainneachtana

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325bn 1.

Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ mainneachtana a ríomh trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana do phunann na suíomhanna uile leabhar trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl mar seo a leanas:

(a) 

beidh na ceanglais cistí dílse cothrom le huimhir luacha faoi phriacal lena ndéanfar tomhas ar chaillteanais a d'fhéadfadh a bheith ann i luach margaidh na punainne mar thoradh ar mhainneachtain eisiúnaithe a bhaineann leis na suíomhanna sin ag an eatramh muiníne 99.9 % thar thréimhse ionchasach bliana.

(b) 

ciallaíonn an caillteanas a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtagraítear i bpointe (a) caillteanas díreach nó indíreach i luach margaidh an tsuímh mar thoradh ar mhainneachtain na n-eisiúnaithe agus ar caillteanas incriminteach é ar aon chaillteanais a chuirfear san áireamh roimhe sin i luacháil reatha an tsuímh; déanfar mainneachtain eisiúnaithe na suíomhanna cothromais a léiriú trí luach phraghsanna cothromais na n-eisiúnaithe a chur go nialas.

(c) 

cinnfidh institiúidí na comhghaolta mainneachtana idir eisiúnaithe éagsúla bunaithe ar mhodheolaíocht atá fónta ar bhonn coincheapúil agus trí úsáid a bhaint as sonraí stairiúla oibiachtúla maidir le raonta difríochta creidmheasa margaidh nó praghsanna cothromais a chumhdaíonn tréimhse 10 mbliana ar a laghad lena n-áirítear an tréimhse struis arna sainiú ag an institiúid i gcomhréir le hAirteagal 325bc(2); déanfar ríomh na gcomhghaolta mainneachtana idir na heisiúnaithe éagsúla a chalabrú do thréimhse ionchasach bliana.

(d) 

beidh an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana bunaithe ar thoimhde suímh sheasta bliana.

Airteagal 325bn 2.
Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ mainneachtana a ríomh trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn seachtaine ar a laghad.
Airteagal 325bn 3.
De mhaolú ar phointe (a) agus ar phointe (c) de mhír 1, féadfaidh institiúid tréimhse ionchasach seasca lá a chur in áit na tréimhse ionchasaí bliana chun críche ►C12  riosca ◄ mainneachtana roinnt de na suíomhanna cothromais nó na suíomhanna cothromais ar fad a ríomh, i gcás inarb iomchuí. Sa chás sin, beidh an ríomh a dhéanfar ar chomhghaolta mainneachtana idir praghsanna cothromais agus dóchúlachtaí mainneachtana i gcomhréir le tréimhse ionchasach seasca lá agus beidh an ríomh a dhéanfar ar chomhghaolta mainneachtana idir praghsanna cothromais agus praghsanna bannaí i gcomhréir le tréimhse ionchasach bliana.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas