+Airteagal 346 5.

Airteagal 346 5.

Tabharfar lamháltas páirteach, sna cásanna seo a leanas, in éagmais na gcásanna i mír 3 agus mír 4:

(a) 

tagann an suíomh faoi mhír 3(b) ach tá neamhréir sócmhainní ann idir an oibleagáid tagartha agus an ►C9  neamhchosaint ◄ fholuiteach. Mar sin féin, comhlíonann na suímh na ceanglais seo a leanas:

(i) 

tá an oibleagáid tagartha ar chomhchéim nó ar chéim níos sóisearaí ná an noibleagáid foluiteach;

(ii) 

tá an t-oibleagáideoir céanna ag an oibleagáid foluiteach agus ag an oibleagáid tagartha agus tá clásail um thrasmhainneachtain nó clásail um thras-luathú iontu atá infheidhme le dlí;

(b) 

tagann an suíomh faoi mhír 3(a) nó faoi mhír 4 ach tá neamhréir airgeadra nó aisioncronacht aibíochta ann idir an chosaint chreidmheasa agus an sócmhainn fholuiteach. Áireofar neamhréir airgeadra den chineál sin sa cheanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ malairte eachtraí;

(c) 

tagann an suíomh faoi mhír 4 ach tá neamhréir sócmhainní ann idir an suíomh airgid agus an díorthach creidmheasa. Mar sin féin, tá an sócmhainn fholuiteach ar áireamh sna hoibleagáidí (inseachadta) i ndoiciméadacht an díorthaigh chreidmheasa.

D'fhonn lamháltas páirteach a thabhairt, seachas na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh a chur le gach taobh den idirbheart, ní bheidh feidhm ach ag an gceann is airde den dá cheanglas cistí dílse.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas