+Airteagal 349 Critéir ghinearálta maidir le GCanna

Airteagal 349 Critéir ghinearálta maidir le GCanna

Airteagal 349

Critéir ghinearálta maidir le GCanna

Beidh GCanna incháilithe don chur chuige atá leagtha amach in Airteagal 350, i gcás ina mbeidh na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta:

(a) 

beidh siad seo a leanas go léir le fáil i réamheolaire an GC nó i ndoiciméad coibhéiseach:

(i) 

catagóirí na sócmhainní a bhfuil an GC údaraithe infheistíocht a dhéanamh iontu;

(ii) 

na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;

(iii) 

i gcás ina gceadaítear luamhánú, an t-uasleibhéal luamhánaithe;

(iv) 

i gcás ina gceadaítear idirbhearta díorthach creidmheasa thar an gcuntar nó idirbhearta athcheannaigh, nó iasachtú nó iasachtaíocht urrús a thabhairt i gcrích, beartas chun teorainn a chur le ►C9  riosca ◄ contrapháirtí a eascraíonn as na hidirbhearta sin;

(b) 

déanfar gnó an GC a thuairisciú i dtuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar na sócmhainní agus ar na dliteanais, ar ioncam agus ar oibríochtaí thar an tréimhse tuairiscithe;

(c) 

is féidir scaireanna nó aonaid an GC a fhuascailt in airgead tirim, as sócmhainní an ghnóthais, ar bhonn laethúil arna iarraidh sin ag sealbhóir an aonaid;

(d) 

coinneofar infheistíochtaí sa GC scartha ó shócmhainní bhainisteoir an GC;

(e) 

déanfaidh an institiúid infheistíochta measúnú ►C9  riosca ◄ sásúil ar an GC;

(f) 

daoine a ndéanfar maoirseacht i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó i gcomhréir le reachtaíocht choibhéiseach orthu a bheidh ina mbainisteoirí ar GCanna.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas