+Airteagal 352 An glansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach a ríomh
---+Airteagal 352 1.
---+Airteagal 352 3.
---+Airteagal 352 4.
---+Airteagal 352 5.
---+Airteagal 352 6.

Airteagal 352 An glansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 352 1.

Ríomhfar glansuíomh oscailte na hinstitiúide i ngach airgeadra (lena n-áirítear an t-airgeadra tuairiscithe) agus in ór mar shuim na n-eilimintí a leanas (deimhneach nó diúltach):

(a) 

an spotsuíomh glan (i.e. gach ítim shócmhainne lúide gach ítim dhliteanais, lena n-áirítear ús fabhraithe, san airgeadra atá i gceist nó, maidir le hór, an spotsuíomh glan in ór);

(b) 

an réamhshuíomh glan, is é sin na méideanna uile lena bhfáil lúide na méideanna uile lena n-íoc faoi idirbhearta réamh-mhalairte agus óir, lena n-áirítear todhchaíochtaí airgeadra agus óir agus an phríomhshuim ar bhabhtálacha sealadacha airgeadraí nach n-áirítear sa spotsuíomh;

(c) 

ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe agus ionstraimí dá samhail ar deimhin go nglaofar iad agus ar dóigh dóibh a bheith do-aisghabhála;

(d) 

coibhéis an deilte ghlan, nó coibhéis bunaithe ar dheilte, na roghanna malairte eachtraí agus óir iomlána de réir na leabhar;

(e) 

margadhluach na roghanna eile.

Is í an deilte a úsáidfear chun críocha phointe (d) deilte na malairte lena mbaineann. Le haghaidh roghanna thar an gcuntar, nó i gcás nach bhfuil fáil ar deilte ón mhalairt lena mbaineann, d'fhéadfadh an institiúid í féin an deilte a ríomh agus samhail chuí á húsáid, faoi riar cead a fháil ó na húdaráis inniúla. Tabharfar cead má mheastar ráta athraithe luach na rogha nó luach an bharántais go hiomchuí leis an tsamhail i leith athruithe beaga i bpraghas margaidh na ionstraime foluiteach.

Féadfaidh an institiúid ioncam/caiteachais todhchaí nár fabhraíodh fós ach atá fálaithe go hiomlán cheana a chur san áireamh má dhéanann sé é go comhsheasmhach.

Féadfaidh an institiúid glansuímh in airgeadraí ilchodacha a mhiondealú ina n-airgeadraí comhpháirte de réir na gcuótaí atá i bhfeidhm.

Airteagal 352 3.
Féadfaidh institiúid an glanluach láithreach a úsáid nuair a bheidh an glansuíomh oscailte i ngach airgeadra agus in ór á ríomh ar choinníoll go n-úsáideann an institiúid an cur chuige sin go comhsheasmhach.
Airteagal 352 4.
Déanfar glansuímh ghearra agus fhada i ngach airgeadra seachas an t-airgeadra tuairiscithe agus an glansuíomh fada nó gearr in ór a chomhshó ag spotrátaí san airgeadra tuairiscithe. Beidh siad suimithe ansin ar leithligh chun iomlán na nglansuíomh gearr agus iomlán na nglansuíomh fada faoi seach a chruthú. Is é an ceann is airde den dá iomlán sin a bheidh i nglansuíomh foriomlán na hinstitiúide maidir le malairt eachtrach.
Airteagal 352 5.
Léireoidh institiúidí go leormhaith sna ceanglais cistí dílse na priacail eile a bhaineann le roghanna seachas an ►C9  riosca ◄ deilte.
Airteagal 352 6.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena saineofar raon modhanna chun priacail eile, seachas an ►C9  riosca ◄ deilte, a léiriú i gceanglais cistí dílse ar bhealach atá comhréireach le scála agus castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí i roghanna.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh institiúidí inniúla leanúint de na cóireálacha náisiúnta atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm, i gcás gur chuir na húdaráis inniúla an láimhseáil sin i bhfeidhm roimh an 31 Nollaig 2013

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas