+Airteagal 358 Ionstraimí áirithe
---+Airteagal 358 1.
---+Airteagal 358 2.
---+Airteagal 358 3.
---+Airteagal 358 4.
---+Airteagal 358 5.
|
Airteagal 358 Ionstraimí áirithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 358 1.
|
Beidh todhchaíochtaí tráchtearraí agus réamhoibleagáidí tráchtearraí aonair a cheannach nó a dhíol ionchorpraithe sa chóras tomhais mar mhéideanna barúlacha i dtéarmaí an aonaid tomhais chaighdeánaigh agus sannfar aibíocht dóibh ag tagairt do dháta éaga.
|
|
Airteagal 358 2.
|
Babhtálacha tráchtearraí i gcás inar praghas seasta taobh amháin den idirbheart agus inar praghas an mhargaidh an taobh eile, láimhseálfar iad mar shraith suíomh atá cothrom le méid barúlach an chonartha agus, nuair is ábhartha, le suíomh amháin i gcomhréir le gach íocaíocht i leith na babhtála agus suite isteach sna bandaí aibíochta in Airteagal 359(1). Is suímh fhada iad na suímh má bhíonn an institiúid ag íoc praghas seasta agus ag fáil praghas comhlúthach agus is suímh ghearra iad má bhíonn an institiúid ag fáil praghas seasta agus ag íoc praghas comhlúthach. Is gá babhtálacha tráchtearraí i gcás ina bhfuil taobhanna an idirbhirt i dtráchtearraí éagsúla a thuairisciú sa dréimire tuairiscithe ábhartha i leith chur chuige an dréimire aibíochta.
|
|
Airteagal 358 3.
|
Láimhseálfar roghanna agus barántais ar thráchtearraí agus ar dhíorthaigh tráchtearraí amhail is dá mba shuímh iad atá cothrom i luach foluiteach lena mbaineann an rogha, arna iolrú faoi dheilte na rogha chun críocha na Caibidle seo. Féadfar na suímh dheireanacha sin a ghlanluacháil i gcoinne aon suímh fhritháirimh sa tráchtearra céanna nó sa díorthach céanna foluiteach. Is í an deilte a úsáidfear, deilte na malairte lena mbaineann. Le haghaidh roghanna thar an gcuntar, nó i gcás nach bhfuil fáil ar deilte ón mhalairt lena mbaineann, d'fhéadfadh an institiúid í féin an deilte a ríomh agus samhail chuí á úsáid, faoi riar cead a fháil ó na húdaráis inniúla. Tabharfar cead má mheastar ráta athraithe luach na rogha nó luach an bharántais go hiomchuí leis an tsamhail i leith athruithe beaga i bpraghas margaidh na ionstraime foluiteach. Léireoidh institiúidí go leormhaith sna ceanglais cistí dílse na priacail eile a bhaineann le roghanna seachas an
►C9
riosca ◄ deilte.
|
|
Airteagal 358 4.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena saineofar raon modhanna chun priacail eile, seachas an
►C9
riosca ◄ deilte, a léiriú i gceanglais cistí dílse ar bhealach atá comhréireach le scála agus castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí i roghanna. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh institiúidí inniúla leanúint de na láimhseálacha náisiúnta atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm, i gcás gur chuir na húdaráis inniúla na láimhseálacha sin i bhfeidhm roimh an 31 Nollaig 2013.
|
|
Airteagal 358 5.
|
I gcás inar ceann de na cinn a leanas an institiúid, cuirfidh sí na tráchtearraí lena mbaineann san áireamh agus a ceanglas cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ tráchtearraí á ríomh:
(a)
aistreoir tráchtearraí nó ceart ráthaithe a bhaineann le teidlíocht chun na tráchtearraí i gcomhaontú athcheannaigh;
(b)
iasachtóir tráchtearraí i gcomhaontú maidir le tráchtearraí a iasachtú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|