+Airteagal 379 Seachadtaí saor in aisce
---+Airteagal 379 1.
---+Airteagal 379 2.
---+Airteagal 379 3.

Airteagal 379 Seachadtaí saor in aisce

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 379 1.

Beidh ceangal ar an institiúid a cistí dílse a shealbhú, mar atá leagtha amach i dTábla 2, i gcás ina dtarlaíonn na nithe seo a leanas:

(a) 

d'íoc sí as urrúis, airgeadraí eachtracha nó tráchtearraí sula bhfuair sí iad nó tá urrúis, airgeadraí eachtracha nó tráchtearraí seachadta aici roimh di íocaíocht a fháil ina leith;

(b) 

i gcás idirbheart trasteorann, tá lá amháin ar a laghad caite ó rinne sí an íocaíocht nó an seachadadh sin.



Tábla 2

Láimhseáil caipitil maidir le seachadtaí saor in aisce

Colún 1

Colún 2

Colún 3

Colún 4

Cineál idirbhirt

Suas go dtí an chéad íocaíocht chonarthach nó an chéad chéim den seachadadh

Ón gcéad íocaíocht chonarthach nó ón gcéad chéim den seachadadh suas go ceithre lá tar éis an dara híocaíocht chonarthach nó an dara céim den seachadadh

Ó 5 lá gnó tar éis an dara híocaíocht chonarthach nó an dara céim den seachadadh go dtí múchadh an idirbhirt

Seachadadh saor in aisce

Muirear caipitiúil ar bith

Láimhseáil mar neamhchosaint

Láimhseáil mar ►C9  neamhchosaint ◄ ar ►C9  riosca ◄ ualaithe ag 1 250 %

Airteagal 379 2.
Agus ►C9  ualach riosca ◄ á chur i bhfeidhm maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ seachadta saor in aisce arna láimhseáil de réir Cholún 3 de Thábla 2, féadfaidh institiúid a úsáideann an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 PDanna a shannadh do chontrapháirtithe, nach bhfuil ►C9  neamhchosaint ◄ leabhair neamhthrádála eile aici ina leith, ar bhonn rátáil sheachtrach an chontrapháirtí. Féadfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar “LGDanna” an LGD atá leagtha amach in Airteagal 161(1) a chur i bhfeidhm maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ seachadta saor in aisce arna láimhseáil de réir Cholún 3 de Thábla 2 ar an gcoinníoll go gcuireann siad i bhfeidhm é maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ uile den sórt sin. De rogha air sin, féadfaidh institiúid a úsáideann an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 ualuithe ►C9  riosca ◄ an Chur Chuige Chaighdeánaithe a chur i bhfeidhm, mar atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 ar an gcoinníoll go gcuireann sí i bhfeidhm iad maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ uile den sórt sin nó féadfaidh sí ►C9  ualach riosca ◄ 100 % a chur i bhfeidhm maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ uile den sórt sin.

Mura bhfuil méid na ►C9  neamhchosanta ◄ deimhní a eascraíonn ó idirbhearta seachadta saor in aisce ábhartha, féadfaidh institiúidí ►C9  ualach riosca ◄ 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin, cé is moite den chás in a bhfuil ►C9  ualach riosca ◄ 1 250 % riachtanach de réir Cholún 4 de Thábla 2 i mír 1.

Airteagal 379 3.
De rogha ar ►C9  ualach riosca ◄ 1 250 % a chur i bhfeidhm maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ seachadta saor in aisce de réir Cholún 4 de Thábla 2 i mír 1, féadfaidh institiúidí an luach aistrithe móide ►C9  neamhchosaint ◄ dheimhneach reatha na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin a asbhaint ó mhíreanna de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d'Airteagal 36(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas