|
+Airteagal 382 4. |
Airteagal 382 4.Eisiafar na hidirbhearta seo a leanas ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ CVA.
(a)
idirbhearta le contrapháirtithe neamhairgeadais mar atá sainmhínithe i bpointe (9) d'Airteagal 2 i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó le contrapháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i dtríú tír, i gcás nach sáraíonn na hidirbhearta sin an tairseach imréitigh mar atá sonraithe in Airteagal 10(3) agus (4) den Rialachán sin.
(aa)
idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe neamhairgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
áirítear an institiúid agus na contrapháirtithe neamhairgeadais sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2;
(ii)
tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca; agus
(iii)
tá na contrapháirtithe neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá siad bunaithe i dtríú tír, tá gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4c maidir leis an tríú tír sin;
(b)
idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, institiúidí airgeadais nó gnóthais seirbhísí coimhdeacha atá bunaithe san Aontas nó atá bunaithe i dtríú tír a chuireann ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm maidir leis na contrapháirtithe airgeadais, na hinstitiúidí airgeadais nó na gnóthais seirbhísí coimhdeacha sin atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, mura rud é go nglacfaidh Ballstáit dlí náisiúnta lena gceanglaítear deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta, agus sa chás sin féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go n-áireofar na hidirbhearta sin laistigh de ghrúpa idir na heintitis atá deighilte go struchtúrtha sna ceanglais cistí dílse;
(c)
idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 89 (1)den Rialachán sin go dtí go scoirfear de na forálacha idirthréimhseacha sin a chur i bhfeidhm;
(d)
idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus idirbhearta le contrapháirtithe a sonraítear, maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar na contrapháirtithe sin, ualach ►C9 riosca ◄ 0 % ina leith le hAirteagal 114(4) agus le hAirteagal 115(2) den Rialachán seo. An díolúine ón táille ►C9 riosca ◄ CLC maidir leis na hidirbhearta sin dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a dhéanfar le linn na hidirthréimhse atá leagtha síos in Airteagal 89 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh feidhm aici fad a mhaireann conradh an idirbhirt sin. Maidir le pointe (a), i gcás ina scoireann institiúid de dhíolúine a bheith aici tríd an tairseach díolúine a thrasnú nó mar gheall ar athrú sa tairseach díolúine, leanfaidh conarthaí atá gan íoc de dhíolúine a bheith acu go dtí dáta a n-aibíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|