+Airteagal 382 Raon Feidhme
---+Airteagal 382 1.
---+Airteagal 382 2.
---+Airteagal 382 3.
---+Airteagal 382 4.
---+Airteagal 382 4a.
---+Airteagal 382 4b.
---+Airteagal 382 4c.
---+Airteagal 382 5.
---+Airteagal 382 6.
|
Airteagal 382 Raon Feidhme
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 382 1.
|
Ríomhfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ C VAi gcomhréir leis an Teideal seo i leith ionstraimí díorthacha thar an gcuntar uile i dtaca lena gníomhaíochtaí gnó uile, cé is moite de dhíorthaigh chreidmheasa arna n-aithint chun méideanna
►C9
neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh
►C9
riosca ◄ a laghdú i leith
►C9
riosca ◄ creidmheasa.
|
|
Airteagal 382 2.
|
Agus cistí dílse a cheanglaítear le mír 1 á ríomh aici, cuirfidh institiúid san áireamh idirbhearta maoinithe urrús a bhfuil luach cóir orthu faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme maidir leis an institiúid i gcás inarb ábharach iad neamhchosaintí na hinstitiúide ar riosca CVA a eascraíonn as na hidirbhearta sin.
|
|
Airteagal 382 3.
|
Beidh idirbhearta le contrapháirtí lárnach cáilitheach agus idrbhearta cliaint le comhalta imréitigh, i gcás ina ngníomhaíonn an comhalta imréitigh mar idirghabhálaí idir an cliant agus contrapháirtí lárnach cáilitheach agus ina dtiocfaidh
►C9
neamhchosaint ◄ trádála an chomhalta imréitigh i leith an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh de bharr na n-idirbheart, beidh na hidirbhearta sin eisiata ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh an
►C9
riosca ◄ CVA.
|
|
Airteagal 382 4.
|
Eisiafar na hidirbhearta seo a leanas ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ CVA.
(a)
idirbhearta le contrapháirtithe neamhairgeadais mar atá sainmhínithe i bpointe (9) d'Airteagal 2 i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó le contrapháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i dtríú tír, i gcás nach sáraíonn na hidirbhearta sin an tairseach imréitigh mar atá sonraithe in Airteagal 10(3) agus (4) den Rialachán sin.
▼M19
(aa)
idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe neamhairgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
áirítear an institiúid agus na contrapháirtithe neamhairgeadais sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2;
(ii)
tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca; agus
(iii)
tá na contrapháirtithe neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá siad bunaithe i dtríú tír, tá gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4c maidir leis an tríú tír sin;
▼M19
(b)
idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, institiúidí airgeadais nó gnóthais seirbhísí coimhdeacha atá bunaithe san Aontas nó atá bunaithe i dtríú tír a chuireann ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm maidir leis na contrapháirtithe airgeadais, na hinstitiúidí airgeadais nó na gnóthais seirbhísí coimhdeacha sin atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, mura rud é go nglacfaidh Ballstáit dlí náisiúnta lena gceanglaítear deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta, agus sa chás sin féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go n-áireofar na hidirbhearta sin laistigh de ghrúpa idir na heintitis atá deighilte go struchtúrtha sna ceanglais cistí dílse;
▼B
(c)
idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 89 (1)den Rialachán sin go dtí go scoirfear de na forálacha idirthréimhseacha sin a chur i bhfeidhm;
▼C2
(d)
idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus idirbhearta le contrapháirtithe a sonraítear, maidir le
►C9
neamhchosaintí ◄ ar na contrapháirtithe sin, ualach
►C9
riosca ◄ 0 % ina leith le hAirteagal 114(4) agus le hAirteagal 115(2) den Rialachán seo.
An díolúine ón táille
►C9
riosca ◄ CLC maidir leis na hidirbhearta sin dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a dhéanfar le linn na hidirthréimhse atá leagtha síos in Airteagal 89 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh feidhm aici fad a mhaireann conradh an idirbhirt sin. Maidir le pointe (a), i gcás ina scoireann institiúid de dhíolúine a bheith aici tríd an tairseach díolúine a thrasnú nó mar gheall ar athrú sa tairseach díolúine, leanfaidh conarthaí atá gan íoc de dhíolúine a bheith acu go dtí dáta a n-aibíochta.
|
|
Airteagal 382 4a.
|
De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh institiúid a roghnú na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA trí úsáid a bhaint as aon cheann de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 382a(1) le haghaidh na n-idirbheart sin atá eisiata de bhun mhír 4 den Airteagal seo, i gcás ina n-úsáideann an institiúid fáluithe incháilithe arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 386 chun riosca CVA na n-idirbheart sin a mhaolú. Bunóidh institiúidí beartais lena sonrófar cur i bhfeidhm agus ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca CVA maidir le hidirbhearta den sórt sin.
|
|
Airteagal 382 4b.
|
Déanfaidh institiúidí torthaí ríomhanna na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca CVA maidir leis na hidirbhearta uile dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a thuairisciú dá n-údaráis inniúla. Chun críocha an cheanglais tuairiscithe sin, déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA ach úsáid a bhaint as na cineálacha cur chuige ábhartha a leagtar amach in Airteagal 382a(1) a d’úsáidfidís chun an ceanglas cistí dílse a chomhlíonadh le haghaidh riosca CVA mura mbeadh na hidirbhearta sin eisiata ón raon feidhme de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 382 4c.
|
Chun críocha mhír 4, pointí (aa) agus (b), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh i dtaobh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.
|
|
Airteagal 382 5.
|
Déanfaidh ÚBE athbhreithniú faoin 1 Eanáir 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, i bhfianaise forbairtí rialála idirnáisiúnta agus modheolaíochtaí ionchasacha faoi chalabrúcháin agus thairseacha a áireamh le haghaidh táillí
►C9
riosca ◄ CLC a chur i bhfeidhm ar chontrapháirtithe neamhairgeadais ón tríú tír. Forbróidh ÚBE i gcomhar le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nósanna imeachta a shonrú le haghaidh idirbhearta contrapháirtithe neamhairgeadais a bunaíodh lasmuigh den Aontas i dtríú tír a eisiamh ón gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh táille
►C9
riosca ◄ CVA. Soláthróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin laistigh de 6 mhí ón dáta a ndéanfar an t-athbhreithniú dá dtagráitear sa chéad fhomhír. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh agus na nósanna imeachta á sonrú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.]
|
|
Airteagal 382 6.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha agus na critéir atá le húsáid ag na hinstitiúidí chun measúnú a dhéanamh an ábharach iad na neamhchosaintí ar riosca CVA a eascraíonn as idirbhearta maoinithe urrús a bhfuil luach cóir orthu, mar aon le minicíocht an mheasúnaithe sin. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|