|
+Airteagal 386 1. |
Airteagal 386 1.Aithneofar suíomhanna in ionstraimí fálaithe mar fháluithe incháilithe chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 383 agus 384 i gcás ina gcomhlíonann na suíomhanna sin gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
(a)
úsáidtear iad chun riosca CVA a mhaolú agus déantar iad a bhainistiú mar sin;
(b)
is féidir iad a dhéanamh le tríú páirtithe nó le leabhar trádála na hinstitiúide mar fhálú inmheánach, sa chás sin, tá siad leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 106(7) a chomhlíonadh;
(c)
ní féidir ach suíomhanna in ionstraimí fálaithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo amháin a aithint mar fháluithefhálaithe incháilithe chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 383 agus 384, faoi seach. Ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383, aithneofar suíomhanna in ionstraimí fálaithe mar fháluithe incháilithe i gcás, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c) den mhír seo, inar suíomh aonair i bhfálú incháilithe iad na hionstraimí fálaithe sin agus nach roinntear iad i níos mó ná suíomh amháin i níos mó ná fálú incháilithe amháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|