+Airteagal 386 Fáluithe incháilithe
---+Airteagal 386 1.
---+Airteagal 386 2.
---+Airteagal 386 3.
---+Airteagal 386 4.
---+Airteagal 386 5.

Airteagal 386 Fáluithe incháilithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 386 1.

Aithneofar suíomhanna in ionstraimí fálaithe mar fháluithe incháilithe chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 383 agus 384 i gcás ina gcomhlíonann na suíomhanna sin gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a) 

úsáidtear iad chun riosca CVA a mhaolú agus déantar iad a bhainistiú mar sin;

(b) 

is féidir iad a dhéanamh le tríú páirtithe nó le leabhar trádála na hinstitiúide mar fhálú inmheánach, sa chás sin, tá siad leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 106(7) a chomhlíonadh;

(c) 

ní féidir ach suíomhanna in ionstraimí fálaithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo amháin a aithint mar fháluithefhálaithe incháilithe chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 383 agus 384, faoi seach.

Ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383, aithneofar suíomhanna in ionstraimí fálaithe mar fháluithe incháilithe i gcás, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c) den mhír seo, inar suíomh aonair i bhfálú incháilithe iad na hionstraimí fálaithe sin agus nach roinntear iad i níos mó ná suíomh amháin i níos mó ná fálú incháilithe amháin.

Airteagal 386 2.

Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383, ní aithneofar ach suíomhanna sna hionstraimí fálaithe seo a leanas amháin mar fháluithe incháilithe:

(a) 

ionstraimí lena bhfálaítear luaineacht raon difríochta creidmheasa an chontrapháirtí, cé is moite de na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 325(5);

(b) 

ionstraimí lena bhfálaítear luaineacht na comhpháirte neamhchosanta de riosca CVA, cé is moite de na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 325(5).

Airteagal 386 3.

Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 384, ní aithneofar ach suíomhanna sna hionstraimí fálaithe seo a leanas mar fháluithe incháilithe:

(a) 

babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa teagmhasacha, a thagraíonn don mhéid seo a leanas:

(i) 

an contrapháirtí go díreach;

(ii) 

eintiteas a bhfuil gaol dlíthiúil aige leis an gcontrapháirtí, i gcás ina dtagraítear, leis an ngaol dlíthiúil sin, do chásanna ina bhfuil an t-ainm tagartha agus an contrapháirtí ina máthairchuideachta agus a fochuideachta nó mar dhá fhochuideachta de mháthairchuideachta chomhchoiteann;

(iii) 

eintiteas atá san earnáil chéanna agus sa réigiún céanna leis an gcontrapháirtí;

(b) 

babhtálacha mainneachtana creidmheasa innéacs.

Airteagal 386 4.
Ní bheidh suíomhanna in ionstraimí fálaithe a dhéantar le tríú páirtithe a aithnítear mar fháluithe incháilithe i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 agus a chuirtear san áireamh nuair atá na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA á ríomh faoi réir na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a leagtar amach i dTeideal IV.
Airteagal 386 5.
Ní bheidh suíomhanna in ionstraimí fálaithe nach n-aithnítear mar fháluithe incháilithe i gcomhréir leis an Airteagal seo faoi réir na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a leagtar amach i dTeideal IV.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas