+Airteagal 413 Ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí
---+Airteagal 413 1.
---+Airteagal 413 2.
---+Airteagal 413 3.
---+Airteagal 413 4.

Airteagal 413 Ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 413 1.
Áiritheoidh na hinstitiúidí go gcomhlíonfar ítimí fadtéarmacha maidir le sócmhainní agus ítimí fadtéarmacha atá lasmuigh den chlár comhardaithe go leordhóthanach trí thacar éagsúil ionstraimí cistiúcháin atá cobhsaí faoi ghnáthchúinsí agus faoi chúinsí struis araon.
Airteagal 413 2.
Beidh feidhm go heisiach ag na forálacha a leagtar amach i dTeideal III chun oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 415 a shonrú go dtí go sonrófar oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach san Airteagal sin maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i dTeideal IV agus go dtí go dtabharfar isteach i ndlí an Aontais iad.
Airteagal 413 3.
Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i dTeideal IV chun an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh institiúidí a leagtar amach in Airteagal 415 a shonrú.
Airteagal 413 4.
Féadfaidh Ballstáit forálacha náisiúnta i réimse na gceanglas cistiúcháin chobhsaí a choinneáil nó a thabhairt isteach sula dtiocfaidh i bhfeidhm íoschaighdeáin cheangailteacha i dtaca le ceanglais ghlanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i mír 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas