+TITLE I DEFINITIONS AND LIQUIDITY REQUIREMENTS
---+Airteagal 411 Sainmhínithe
---+Airteagal 412 Ceanglas maidir le cumhdach leachtachta
------+Airteagal 412 1.
------+Airteagal 412 2.
------+Airteagal 412 3.
------+Airteagal 412 4.
------+Airteagal 412 4a.
------+Airteagal 412 5.
---+Airteagal 413 Ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí
------+Airteagal 413 1.
------+Airteagal 413 2.
------+Airteagal 413 3.
------+Airteagal 413 4.
---+Airteagal 414 Ceanglais leachtachta a chomhlíonadh
|
TITLE I DEFINITIONS AND LIQUIDITY REQUIREMENTS
TITLE I DEFINITIONS AND LIQUIDITY REQUIREMENTS
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 411 Sainmhínithe
|
Airteagal 411
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “custaiméir airgeadais” custaiméir, lena n-áirítear custaiméir airgeadais ar custaiméir é de ghrúpaí corparáideacha neamhairgeadais, a dhéanann ceann nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE mar a phríomhghnó, nó ar ceann díobh seo a leanas é:
(c)
eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE);
(d)
gnóthas comhinfheistíochta (GC);
(e)
scéim infheistíochta neamh-cheannoscailte;
(h)
cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
(j)
socruithe scéime pinsean mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(2)
ciallaíonn “taisce miondíola” dliteanas i leith duine nádúrtha nó i leith FBM, i gcás ina gcáileodh an FBM d'aicme na
►C12
neamhchosainta ◄ ar mhiondíol faoin gcur chuige caighdeánaithe nó faoin gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha maidir le
►C12
riosca ◄ creidmheasa, nó dliteanas i leith cuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) agus i gcás nach mó ná EUR 1 milliún na taiscí comhiomlána ón FBM nó ón gcuideachta sin ar bhonn grúpa;
(3)
Ciallaíonn “cuideachta infheistíochta phearsanta” nó “CIP” gnóthas nó iontaobhas ar duine nádúrtha é an t-úinéir nó an t-úinéir tairbhiúil, nó ar grúpa de dhaoine nádúrtha é an t-úinéir nó an t-úinéir tairbhiúil, grúpa atá nasctha le chéile go dlúth agus nach bhfuil aon ghníomhaíocht eile tráchtála, thionsclaíoch nó ghairmiúil aige agus a bunaíodh chun críche saibhreas na n-úinéirí a bhainistiú agus chun na críche sin amháin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coimhdeacha amhail sócmhainní na n-úinéirí a leithscaradh ó shócmhainní corparáideacha, tarchur sócmhainní laistigh de theaghlach a éascú nó roinnt na sócmhainní a chosc tar éis do dhuine den teaghlach bás a fháil, ar choinníoll go bhfuil baint ag na gníomhaíochtaí coimhdeachta sin leis an bpríomhchuspóir saibhreas na n-úinéirí a bhainistiú;
▼C7
(4)
ciallaíonn “bróicéir taiscí” duine nádúrtha nó gnóthas a chuireann taiscí ó thríú páirtithe in institiúidí creidmheasa mar mhalairt ar tháille, lena n-áirítear taiscí miondíola agus taiscí corparáideacha ach gan taiscí ó chustaiméirí airgeadais a áireamh;
▼M8
(5)
ciallaíonn “sócmhainní neamhualaithe” sócmhainní nach bhfuil faoi réir aon srian dlíthiúil, conarthach, nó rialála nó faoi réir aon srian eile a choisceann ar institiúidí na sócmhainní sin a leachtú, a dhíol, a aistriú, a thabhairt ar láimh nó, i gcoitinne, fáil réidh leis na sócmhainní sin trí dhíolachán glan amach nó trí chomhaontú athcheannaigh;
(6)
ciallaíonn “rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach” aon chuid de na sócmhainní nach bhfuil sé d'oibleagáid ar an institiúid a nascadh le heisiúint bannaí faoi chumhdach de bhua ceanglais dhlíthiúla nó ceanglais rialála, ceangaltais chonarthacha nó ar chúiseanna a bhaineann le disciplín an mhargaidh, lena n-áirítear go háirithe i gcás ina soláthrófar na sócmhainní de bhreis ar an gceanglas íosta dlíthiúil, reachtúil nó rialála maidir le rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh is infheidhme i dtaca leis na bannaí faoi chumhdach faoi dhlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tír;
(7)
ciallaíonn “ceanglas maidir le cumhdach sócmhainní” an cóimheas idir sócmhainní agus dliteanais arna chinneadh i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tír ar mhaithe le feabhsuithe creidmheasa maidir le bannaí faoi chumhdach;
(8)
ciallaíonn “iasachtaí corrlaigh” iasachtaí comhthaobhaithe a shíntear chuig custaiméirí chun críche suíomhanna giarála a ghlacadh;
(9)
ciallaíonn “conarthaí díorthach” na conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
(10)
ciallaíonn “strus” athrú tobann agus tromchúiseach chun donais ar shuíomh sócmhainneachta nó ar shuíomh leachtachta institiúide i ngeall ar athruithe ar dhálaí margaidh nó i ngeall ar fhachtóirí neamhghnácha a fhágann go bhfuil
►C12
riosca ◄ suntasach ann nach mbeidh an institiúid in ann a ceangaltais a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite laistigh den 30 lá dar gcionn;
(11)
ciallaíonn “sócmhainní leibhéal 1” sócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 416(1);
(12)
ciallaíonn “sócmhainní leibhéal 2” sócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa ard acu dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 416(1) den Rialachán seo; foroinntear sócmhainní Leibhéal 2 arís ina sócmhainní leibhéal 2A agus leibhéal 2B mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
(13)
ciallaíonn “maolán leachtachta” méid shócmhainní leibhéal 1 agus leibhéal 2 atá ina seilbh ag institiúid i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe (AE) 460(1);
(14)
ciallaíonn “glan-eis-sreabha leachtachta” an méid atá mar thoradh ar insreabha leachtachta institiúide a asbhaint dá heis-sreabha leachtachta;
(15)
ciallaíonn “airgeadra tuairiscithe” airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig na hinstitiúide lonnaithe;
(16)
ciallaíonn “fachtóireacht” comhaontú conarthach idir gnó (an “sannóir”) agus eintiteas airgeadais (an “fachtóir”) ina sannann nó ina ndíolann an sannóir a earraí infhaighte leis an bhfachtóir agus ina soláthraíonn an fachtóir, mar chúiteamh, ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí seo a leanas don sannóir i ndáil leis na hearraí infhaighte a sannadh:
(a)
réamhíocaíocht de chéatadán de mhéid na n-earraí infhaighte a sannadh, de ghnáth gearrthéarmach, neamhcheangailteach agus gan tar-rolladh uathoibríoch;
(b)
bainistiú, bailiú agus cosaint creidmheasa i ndáil le hearraí infhaighte trína riarann an fachtóir, de ghnáth, mórleabhar díolachán an tsannóra agus trína mbailíonn sé na hearraí infhaighte in ainm an fhachtóra;
chun críocha Theideal IV, déileálfar le fachtóireacht mar mhaoiniú trádála;
(17)
ciallaíonn “saoráid thiomanta creidmheasa nó leachtachta” saoráid chreidmheasa nó leachtachta atá neamh-inchúlghairthe nó inchúlghairthe ar bhonn coinníollach.
|
|
Airteagal 412 Ceanglas maidir le cumhdach leachtachta
|
-
|
|
Airteagal 413 Ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí
|
-
|
|
Airteagal 414 Ceanglais leachtachta a chomhlíonadh
|
Airteagal 414
Ceanglais leachtachta a chomhlíonadh
Tabharfaidh institiúid nach gcomhlíonann, nó nach dóigh léi go gcomhlíonfaidh sí, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 413(1), lena n-áirítear le linn tréimhsí struis, tabharfaidh sí fógra láithreach do na húdaráis inniúla agus cuirfidh sí plean gan aon mhoill mhíchuí faoi bhráid na n-údarás inniúil chun go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 412 nó Airteagal 413(1) arís go tráthúil, de réir mar is iomchuí. Go dtí go dtosófar ag comhlíonadh an Airteagail sin arís, tabharfaidh an institiúid tuairisc faoi na hítimí dá dtagraítear i dTeideal III, i dTeideal IV, sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 415(3) nó (43a) nó sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), de réir mar is iomchuí, go laethúil faoi dheireadh gach lae gnó mura dtugann an t-údarás inniúil údarú maidir le minicíocht tuairiscithe níos ísle agus moill tuairiscithe níos faide. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla údaruithe den sórt sin a cheadú ach amháin ar bhonn cáis aonair na hinstitiúide agus méid agus castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide á gcur san áireamh. Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar chur chun feidhme an phlean sin chun filleadh ar chomhlíonadh agus ceanglóidh siad, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaí na ceanglais a chomhlíonadh arís i dtréimhse níos giorra.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|