+Airteagal 421 Eis-sreabha ar thaiscí miondíola
---+Airteagal 421 1.
---+Airteagal 421 2.
---+Airteagal 421 3.
---+Airteagal 421 4.
---+Airteagal 421 5.
|
Airteagal 421 Eis-sreabha ar thaiscí miondíola
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 421 1.
|
Tabharfaidh gach institiúid tuairisc ar leithligh maidir le méid na dtaiscí miondíola a chumhdaítear faoi Scéim ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó faoi scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír agus a iolrú faoi 5 % ar a laghad i gcás ina bhfuil ceachtar den dá chás seo leanas i gceist:
(a)
tá an taisce ina cuid de ghaol seanbhunaithe, rud a chiallaíonn nach dóigh go ndéanfar í a aistarraingt;
(b)
tá an taisce á sealbhú i gcuntas idirbheartaíochta, lena n-áirítear cuntais a ndéantar tuarastail a chur chun sochair dóibh go minic.
|
|
Airteagal 421 2.
|
Déanfaidh institiúidí taiscí miondíola eile nach dtagraítear dóibh i mír 1 a iolrú faoi 10 % ar a laghad.
|
|
Airteagal 421 3.
|
Agus iompar taisceoirí áitiúla á chur san áireamh i gcomhréir le comhairle ó na húdaráis inniúla náisiúnta, eiseoidh ÚBE treoirlínte faoin 1 Eanáir 2014 i ndáil leis na critéir, d'fhonn coinníollacha cur i bhfeidhm mír 1 agus mír 2 a chinneadh maidir le taiscí miondíola a shainaithint atá faoi réir eis-sreafaí éagsúla agus faoi réir shainmhínithe na dtáirgí sin chun críocha an Teidil seo. Cuirfear san áireamh sna treoirlínte sin an dóchúlacht atá ann go mbeidh eis-sreafaí leachtachta mar thoradh ar na taiscí sin sa 30 lá dar gcionn. Déanfar measúnú ar na heis-sreafaí seo faoin toimhde a bhaineann le meascán de chás neamhghnách agus de chás struis ar fud an mhargaidh.
|
|
Airteagal 421 4.
|
D'ainneoin mhír (1) agus mhír (2), déanfaidh institiúidí taiscí miondíola a ghlac siad i dtríú tíortha a iolrú faoi chéatadán níos airde ná mar a fhoráiltear dó sna míreanna sin, sa chás go bhforáiltear do chéatadán den sórt sin le ceanglais tuairiscithe inchomparáide i dtríú tíortha.
|
|
Airteagal 421 5.
|
Féadfaidh institiúidí catagóirí áirithe taiscí miondíola atá imscríofa go soiléir a eisiamh ó ríomh eis-sreafaí fad is go gcuirfidh an institiúid an méid seo a leanas i bhfeidhm, i ngach cás, i gcás chatagóir iomlán na dtaiscí sin, ach amháin má tá dálaí aonair cruatain ann don taisceoir, dálaí a bhfuil údar maith leo:
(a)
nach gceadaítear don taisceoir an taisce a aistarraingt laistigh de 30 lá; nó
(b)
i gcás aistarraingtí a dhéantar níos túisce ná 30 lá, caithfidh an taisceoir pionós a íoc lena n-áirítear cailliúint na n-ús idir an dáta a aistarraingíodh í agus dáta aibíochta an chonartha móide pionós ábhartha nach gá go rachadh sé thar an ús a bheidh dlite don am a chuaigh thart idir dáta na taisce agus an dáta a aistarraingíodh í.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|