|
+Airteagal 422 8. |
Airteagal 422 8.Féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt céatadán eis-sreabh níos ísle a chur i bhfeidhm maidir leis na dliteanais dá dtagraítear i mír 7, ar bhonn cáis ar chás, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is ceann díobh seo a leanas an contrapháirtí:
(i)
máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide, nó máthairghnólacht infheistíochta nó foghnólacht infheistíochta de chuid na hinstitiúide, nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna nó an mháthairghnólachta infheistíochta chéanna;
(ii)
tá an contrapháirtí nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE;
(iii)
institiúid a thagann faoin scéim cosanta institiúideach chéanna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7); nó
(iv)
institiúid lárnach nó comhalta de líonra a chomhlíonann pointe (d) d'Airteagal 400(2);
(b)
tá cúiseanna ann le bheith ag súil le heis-sreabh níos ísle thar an gcéad 30 lá eile ina dhiaidh sin fiú amháin faoi chás struis atá neamhghnách agus atá ar fud an mhargaidh;
(c)
cuireann an contrapháirtí insreabh siméadrach comhfhreagrach nó insreabh níos coimeádaí i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 425;
(d)
beidh an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|