+Airteagal 423 2.
|
Airteagal 423 2.
Cuirfidh institiúid na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na conarthaí go léir a dhéantar, ar conarthaí iad a n-eascróidh eis-sreabha leachtachta nó riachtanais chomhthaobhachta bhreise as a gcoinníollacha conartha, laistigh de 30 lá i ndiaidh do mheathlúchán ábhartha teacht ar cháilíocht chreidmheasa na hinstitiúide. I gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil na conarthaí sin ábhartha maidir leis na heis-sreabha leachtachta a d'fhéadfadh a bheith ag an institiúid, cuirfidh siad ceangal ar an institiúid eis-sreabh breise a chur isteach le haghaidh na gconarthaí sin ar eis-sreabh é a chomhfhreagróidh do na riachtanais chomhthaobhachta bhreise a thiocfaidh chun cinn ó mheathlúchán ábhartha ar cháilíocht chreidmheasa na hinstitiúide amhail íosghrádú trí scór ina measúnú creidmheasa seachtrach. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú rialta ar mhéid an mheathlúcháin ábhartha sin i bhfianaise an mhéid a bhaineann le hábhar faoi na conarthaí atá déanta aici agus tabharfaidh sí fógra maidir le toradh a athbhreithnithe do na húdaráis inniúla.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|