|
+Airteagal 427 1. |
Airteagal 427 1.Tabharfaidh insititiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 415.1 agus leis na formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 415.3, ar na hítimí seo a leanas agus ar a gcomhpháirteanna d'fhonn deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht an chistithe chobhsaí:
(a)
na cistí dílse a leanas tar éis asbhaintí a chur i bhfeidhm i gcás inarb iomchu:í
(i)
ionstraimí caipitil leibhéal 1;
(ii)
ionstraimí caipitil leibhéal 2;
(iii)
scaireanna tosaíochta eile agus ionstraimí caipitil eile de bhreis ar an méid ceadaithe de Leibhéal 2 agus aibíocht iarbhír de bhliain amháin nó níos mó acu;
(b)
na dliteanais seo a leanas nach bhfuil ar áireamh i bpointe (a)
(i)
taiscí miondíola a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 421(1);
(ii)
taiscí miondíola a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 421(2);
(iii)
taiscí a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 422(3) agus (4);
(iv)
asmeasc na dtaiscí dá dtagraítea ibpointe (iii), iad sin atá faoi réir Scéim Ráthaíochta Taisce i gcomhréir le h Treoir 94/19/CE ►C2 nó scéim ráthaíochta taisce choibhéiseach i dtríú tír, ar scéim í atá faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 421(1); ◄
(v)
as measc na dtaiscí dá dtagraítear in (iii), iad sin a thagann faoi phointe (b) d'Airteagal 422(4);
(vi)
as measc na dtaiscí dá dtagraítear in (iii), iad sin a thagann faoi phointe (d) d'Airteagal 422(43);
(vii)
méideanna arna dtaisceadh nach dtagann faoi phointe (i), (ii) nó (iii) mura ndéanann custaiméirí airgeadais iad a thaisceadh;
(viii)
gach cistiú arna fháil ó chustaiméirí airgeadais;
(ix)
ar bhonn leithligh maidir le méideanna a thagann faoi (vi) agus (vii) faoi seach, cistiú ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 192:
—
arna gcomhthaobhú le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;
—
arna gcomhthaobhú le sócmhainní ar bith eile;
(x)
dliteanais a eascraíonn as urrúis arna n‐eisiúint a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo nó as bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162;
(xi)
na dliteanais a leanas a thig ó urrúis eisithe, nach dtagann faoi phointe (a)
—
dliteanais a thig ó urrúis eisithe a bhfuil dáta aibíochta iarbhír de bhliain amháin nó níos mó leo;
—
dliteanais a thig ó urrúis eisithe a bhfuil dáta aibíochta iarbhír de níos lú ná bliain amháin leo,
(xii)
aon dliteanais eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|