|
+Airteagal 428a Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite |
Airteagal 428a Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúiteAirteagal 428a Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach sa Teideal seo ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 11(4), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a)
beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh de chlár comhardaithe fochuideachta ag a bhfuil ceannoifig na fochuideachta sin i dtríú tír, ar sócmhainní agus ítimí iad atá faoi réir fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin atá níos airde ná iad siúd a shonraítear i gCaibidil 4, beidh siad faoi réir comhdhlúthú i gcomhréir leis na fachtóirí is airde a shonraítear i ndlí náisiúnta an tríú tír sin;
(b)
beidh dliteanais agus cistí dílse fochuideachta ag a bhfuil ceannoifig na fochuideachta sin i dtríú tír, ar dliteanais agus cistí dílse iad atá faoi réir fachtóirí cistiúcháin chobhsaí faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin atá níos ísle ná iad siúd a shonraítear i gCaibidil 3, beidh siad faoi réir comhdhlúthú i gcomhréir leis na fachtóirí is ísle a shonraítear i ndlí náisiúnta an tríú tír sin;
(c)
sócmhainní tríú tír a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus atá i seilbh fochuideachta ag a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír, ní aithneofar iad mar shócmhainní leachtachta chun críocha comhdhlúthaithe i gcás nach gcáilíonn siad mar shócmhainní leachtachta faoi dhlí náisiúnta an tríú tír sin a shocraíonn an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta. ▼M9 ————— 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|