|
+Airteagal 428f 1. |
Airteagal 428f 1.Faoi réir réamhfhormheas na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúid a mheas go bhfuil sócmhainn agus dliteanas idirspleách ar a chéile, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
ní fheidhmíonn an institiúid ach mar aonad faoi bhealach chun an maoiniú a threorú ón dliteanas isteach sa tsócmhainn idirspleách chomhfhreagrach;
(b)
tá na sócmhainní agus na dliteanais idirspleácha aonair inaitheanta go soiléir agus tá an phríomhshuim chéanna acu;
(c)
tá aibíochtaí comhoiriúnaithe mórán mar an gcéanna ag an tsócmhainn agus ag an dliteanas idirspleách agus tá moill uasta 20 lá idir aibíocht na sócmhainne agus aibíocht an dliteanais;
(d)
iarradh an dliteanas idirspleách de bhun ceanglas dlíthiúil, rialála nó conarthach agus ní úsáidtear é chun sócmhainní eile a mhaoiniú;
(e)
ní úsáidtear na sreabha príomhshuime ón tsócmhainn chun críocha eile seachas chun an dliteanas idirspleách a aisíoc;
(f)
ní hionann na contrapháirtithe le haghaidh gach péire sócmhainní agus dliteanas idirspleách. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|