|
+Airteagal 428f 2. |
Airteagal 428f 2.Measfar go gcomhlíonfaidh sócmhainní agus dliteanais na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus measfar iad a bheith idirspleách i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu leis na táirgí nó na seirbhísí seo a leanas:
(a)
coigiltis rialáilte láraithe, ar an gcoinníoll go bhfuil ceangal dlí ar institiúidí taiscí rialáilte a aistriú chuig ciste láraithe arna chur ar bun agus arna rialú ag rialtas láir Ballstáit agus lena gcuirfear iasachtaí ar fáil chun cuspóirí leasa phoiblí a chur chun cinn, agus ar an gcoinníoll go n-aistreofar taiscí chuig an gciste láraithe ar bhonn míosa ar a laghad;
(b)
iasachtaí cur chun cinn agus saoráidí creidmheasa agus leachtachta a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) i gcomhair institiúidí atá ag gníomhú mar ghnáth-idirghabhálaithe nach dtabhaíonn aon phriacal cistiúcháin;
(c)
bannaí faoi chumhdach a chomhlíonfaidh na coinníollacha seo a leanas uile:
(i)
is bannaí iad dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE nó comhlíonann siad na ceanglais incháilitheachta don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó in Airteagal 129(5) den Rialachán seo;
(ii)
déantar na hiasachtaí foluiteacha a mhaoiniú le cistiúchán comhréireach trí bhannaí faoi chumhdach a eisíodh nó go bhfuil sna bannaí faoi chumhdach truicir aibíochta neamh-lánroghnacha insínte aon bhliana amháin nó níos mó go dtí go mbeidh téarma na n-iasachtaí foluiteacha istigh i gcás teip athmhaoinithe ag dáta aibíochta an bhanna faoi chumhdach;
(d)
gníomhaíochtaí imréitigh díorthach cliant, ar an gcoinníoll nach dtabharfaidh an institiúid aon ráthaíocht maidir le feidhmíocht an chontrapháirtí lárnaigh dá cliaint agus nach dtabhóidh sí aon phriacal cistiúcháin dá bharr. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|