+Airteagal 428h Cóir fhabhrach laistigh de ghrúpa nó laistigh de scéim chosanta institiúideach
---+Airteagal 428h 1.
---+Airteagal 428h 2.
|
Airteagal 428h Cóir fhabhrach laistigh de ghrúpa nó laistigh de scéim chosanta institiúideach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 428h 1.
|
De mhaolú ar Chaibidil 3 agus ar Chaibidil 4, agus i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 428g, féadfaidh údaráis inniúla institiúidí a údarú, ar bhonn cás ar chás, fachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil nó fachtóir is ísle cistiúcháin chobhsaí atá de dhíth a chur i bhfeidhm ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar shaoráidí tiomanta creidmheasa nó ar shaoráidí tiomanta leachtachta, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
is ceann díobh seo a leanas an contrapháirtí:
(i)
an mháthairinstitiúid nó fochuideachta de chuid na máthairinstitiúide;
(ii)
fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna;
(iii)
gnóthas atá nasctha leis an institiúid de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE;
(iv)
tá sé ina chomhalta den scéim cosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán seo agus atá an institiúid;
(v)
an comhlacht lárnach nó institiúid creidmheasa chleamhnaithe de chuid líonra nó grúpa comharchumann dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;
(b)
tá cúiseanna ann le bheith ag súil gur foinse cistiúcháin níos cobhsaí é an tsaoráid dliteanas nó an tsaoráid thiomanta creidmheasa nó an tsaoráid thiomanta leachtachta a gheobhaidh an institiúid, nó gur lú an chobhsaíocht cistiúcháin a theastaíonn ón tsócmhainn nó ón tsaoráid thiomanta creidmheasa nó ón tsaoráid thiomanta leachtachta a dheonóidh an institiúid thar thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí seachas an tsaoráid dliteanas chéanna, an tsaoráid sócmhainní chéanna nó an tsaoráid thiomanta creidmheasa chéanna nó an tsaoráid thiomanta leachtachta chéanna arna bhfáil nó arna ndeonú ag contrapháirtithe eile;
(c)
cuireann an contrapháirtí fachtóir cistiúcháin chobhsaí i bhfeidhm arb ionann é nó ar airde é ná an fachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil nó cuireann sé fachtóir cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil i bhfeidhm arb ionann é nó ar ísle é ná an fachtóir is ísle cistiúcháin chobhsaí atá de dhíth;
(d)
beidh an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna.
|
|
Airteagal 428h 2.
|
I gcás ina bhfuil an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe i mBallstáit dhifriúla, féadfaidh na húdaráis inniúla an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1 a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na critéir seo a leanas chomh maith leis na critéir a leagtar amach i mír 1:
(a)
is ann do chomhaontuithe atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus do cheangaltais idir grúpeintitis maidir leis an tsaoráid dliteanas, an tsaoráid sócmhainní nó an tsaoráid thiomanta creidmheasa nó an tsaoráid thiomanta leachtachta;
(b)
tá próifíl
►C12
riosca ◄ cistiúcháin íseal ag an soláthraí cistiúcháin;
(c)
tá próifíl
►C12
riosca ◄ cistiúcháin an fhaighteora chistiúcháin curtha san áireamh mar is iomchuí i mbainistiú
►C12
riosca ◄ leachtachta an tsoláthraí chistiúcháin.
Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le chéile i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 20(1) chun a chinneadh an gcomhlíonfar na critéir bhreise a leagtar amach sa mhír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|