|
+Airteagal 428l Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil |
Airteagal 428l Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáilAirteagal 428l Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh na dliteanais agus na hítimí nó na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
(a)
taiscí a fhaightear a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
(b)
dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:
(i)
rialtas láir Ballstáit nó tríú tír;
(ii)
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla Ballstáit nó tríú tír;
(iii)
eintitis earnála poiblí i mBallstát nó i dtríú tír;
(iv)
na bainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;
(v)
custaiméirí corparáideacha neamhairgeadais;
(vi)
comhair chreidmheasa atá údaraithe ag údarás inniúil, cuideachtaí infheistíochta phearsanta agus cliaint ar bróicéirí taisce iad sa mhéid nach dtagann na dliteanais sin faoi phointe (a) den mhír seo;
(c)
dliteanais a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair sé mhí ar a laghad ach níos lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:
(i)
an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;
(ii)
banc ceannais tríú tír;
(iii)
custaiméirí airgeadais;
(d)
aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair sé mhí ar a laghad ach is lú ná bliain amháin acu nach dtagraítear dóibh in Airteagail 428m, 428n agus 428o. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|