+Section 2 Available stable funding factors
---+Airteagal 428k Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
------+Airteagal 428k 1.
------+Airteagal 428k 2.
------+Airteagal 428k 3.
------+Airteagal 428k 4.
---+Airteagal 428l Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
---+Airteagal 428m Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
---+Airteagal 428n Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
---+Airteagal 428o Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Section 2 Available stable funding factors

Section 2 Available stable funding factors

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428k Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil -
Airteagal 428l Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428l

Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

▼C7

Beidh na dliteanais agus na hítimí nó na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:

▼M8

(a) 

taiscí a fhaightear a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(b) 

dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:

(i) 

rialtas láir Ballstáit nó tríú tír;

(ii) 

rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla Ballstáit nó tríú tír;

(iii) 

eintitis earnála poiblí i mBallstát nó i dtríú tír;

(iv) 

na bainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;

(v) 

custaiméirí corparáideacha neamhairgeadais;

(vi) 

comhair chreidmheasa atá údaraithe ag údarás inniúil, cuideachtaí infheistíochta phearsanta agus cliaint ar bróicéirí taisce iad sa mhéid nach dtagann na dliteanais sin faoi phointe (a) den mhír seo;

(c) 

dliteanais a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair sé mhí ar a laghad ach níos lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:

(i) 

an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;

(ii) 

banc ceannais tríú tír;

(iii) 

custaiméirí airgeadais;

▼C7

(d) 

aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair sé mhí ar a laghad ach is lú ná bliain amháin acu nach dtagraítear dóibh in Airteagail 428m, 428n agus 428o.

▼M8

Airteagal 428m Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428m

Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola eile a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil.

Airteagal 428n Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428n

Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola cobhsaí a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil.

Airteagal 428o Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428o

Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh na dliteanais chomh maith leis na hítimí caipitil agus na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:

(a) 

ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéanfar na coigeartuithe is gá de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 35, sula ndéanfar na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus sula gcuirfear i bhfeidhm na díolúintí agus na roghanna a leagtar síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79;

(b) 

ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéantar na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus sula gcuirtear Airteagal 79 i bhfeidhm ina leith, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(c) 

ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide sula ndéanfar na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 66 agus sula gcuirfear Airteagal 79 i bhfeidhm, a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(d) 

aon ionstraimí caipitil eile de chuid na hinstitiúide a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(e) 

aon iasachtaí nó dliteanais urraithe agus neamhurraithe eile a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, lena n-áirítear taiscí téarma, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428k go hAirteagal 428n.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas