|
+Airteagal 428o Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil |
Airteagal 428o Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáilAirteagal 428o Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh na dliteanais chomh maith leis na hítimí caipitil agus na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
(a)
ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéanfar na coigeartuithe is gá de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 35, sula ndéanfar na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus sula gcuirfear i bhfeidhm na díolúintí agus na roghanna a leagtar síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79;
(b)
ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéantar na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus sula gcuirtear Airteagal 79 i bhfeidhm ina leith, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
(c)
ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide sula ndéanfar na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 66 agus sula gcuirfear Airteagal 79 i bhfeidhm, a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
(d)
aon ionstraimí caipitil eile de chuid na hinstitiúide a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
(e)
aon iasachtaí nó dliteanais urraithe agus neamhurraithe eile a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, lena n-áirítear taiscí téarma, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428k go hAirteagal 428n. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|