+Airteagal 428p Méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh
---+Airteagal 428p 1.
---+Airteagal 428p 2.
---+Airteagal 428p 3.
---+Airteagal 428p 4.
---+Airteagal 428p 5.
---+Airteagal 428p 6.
---+Airteagal 428p 7.
---+Airteagal 428p 8.
---+Airteagal 428p 9.
---+Airteagal 428p 10.

Airteagal 428p Méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428p 1.
Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, ríomhfar méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh trí luach cuntasaíochta na gcatagóirí nó na gcineálacha éagsúla sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a iolrú faoi na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 2. Is éard a bheidh i méid iomlán an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh suim mhéideanna ualaithe na ndliteanas agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe.
Airteagal 428p 2.
Sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, eisiafar iad ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcás ina gcuirtear na sócmhainní sin san áireamh i gclár comhardaithe na hinstitiúide agus nach bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag an institiúid orthu.

I gcás sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 i gcás nach gcuirtear na sócmhainní sin san áireamh i gclár comhardaithe na hinstitiúide ach a bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag an institiúid orthu.

Airteagal 428p 3.
I gcás sócmhainní atá tugtha ag institiúidí ar iasacht, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús a gcoimeádann an institiúid úinéireacht thairbhiúil orthu, measfar gur sócmhainní ualaithe chun críocha na Caibidle seo iad agus beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2, fiú mura bhfanann na sócmhainní ar chlár comhardaithe na hinstitiúide. Seachas sin, eisiafar na sócmhainní sin ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh.
Airteagal 428p 4.
I gcás sócmhainní atá ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair sé mhí nó níos faide, sannfar an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheadh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe nó sannfar an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is infheidhme i ngach cás eile maidir leis na sócmhainní ualaithe sin, cibé fachtóir is airde. Beidh an méid sin infheidhme freisin i gcás ina mbeidh aibíocht iarmhair na sócmhainní atá ualaithe níos giorra ná aibíocht iarmhair an idirbhirt is údar leis an ualú.

Sócmhainní a bhfuil níos lú ná sé mhí fágtha acu de thréimhse ualaithe, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní céanna má sealbhaíodh iad go neamhualaithe.

Airteagal 428p 5.
I gcás ina n-athúsáidfidh nó ina n-athgheallfaidh institiúid sócmhainn a fhaightear ar iasacht, lena n-áirítear idirbhearta um maoiniú urrús, agus i gcás ina gcuirtear an tsócmhainn sin san áireamh lasmuigh den chlár comhardaithe, déanfar an t-idirbheart a bhfuarthas an tsócmhainn sin ar iasacht ina leith a láimhseáil mar idirbheart ualaithe ar choinníoll nach bhféadfaidh an t-idirbheart teacht in aibíocht mura ndéanfaidh an institiúid an sócmhainn a fuarthas ar iasacht a thabhairt ar ais.
Airteagal 428p 6.

Measfar gur sócmhainní neamhualaithe na sócmhainní seo a leanas:

(a) 

sócmhainní a áirítear i gcomhthiomsú agus ar fáil lena n-úsáid láithreach mar chomhthaobhacht chun cistiúchán breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta nó, i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill; leis na sócmhainní sin, cuimseofar sócmhainní arna láithriú ag institiúid creidmheasa le hinstitiúid lárnach i líonra comharchumann nó i scéim cosanta institiúideach; toimhdeoidh institiúidí go mbeidh na sócmhainní sa chomhthiomsú ualaithe in ord méadaitheach a leachtachta bunaithe ar an aicmiú leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ag tosú le sócmhainní bhfuil incháilithe le haghaidh an mhaoláin leachtachta;

(b) 

sócmhainní atá faighte ag an institiúid mar chomhthaobhacht ar mhaithe le maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa in idirbhearta iasachta urraithe, idirbhearta maoiniúcháin urraithe nó idirbhearta malartaithe comhthaobhachta agus a fhéadfaidh an institiúid a dhiúscairt;

(c) 

sócmhainní atá ceangailte mar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach le heisiúint bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 428p 7.

I gcás oibríochtaí neamhchaighdeánacha sealadacha arna gcur i gcrích ag BCE nó ag banc ceannais Ballstáit nó ag banc ceannais tríú tír chun a shainordú a chomhlíonadh i dtréimhse struis airgeadais ar fud an mhargaidh nó i gcúinsí eisceachtúla maicreacnamaíocha, féadfaidh na sócmhainní seo a leanas fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe a fháil:

(a) 

sócmhainní atá ualaithe chun críocha na n-oibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar phointe (f) d'Airteagal 428ad agus ar phointe (a) d'Airteagal 428ah(1);

(b) 

airgead a thiocfaidh as na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar phointí (d)(i) agus (d)(ii) d'Airteagal 428ad, ar phointe (b) d'Airteagal 428af agus ar phointe (c) d'Airteagal 428ag.

Cinnfidh na húdaráis inniúla, i gcomhaontú leis an mbanc ceannais arb é contrapháirtí an idirbhirt é, an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm ar na sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír. I gcás sócmhainní ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, atá le cur i bhfeidhm, níos lú ná an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a mbeadh feidhm aige, faoi Roinn 2, maidir leis na sócmhainní sin dá mbeidís á sealbhú go neamhualaithe.

Agus fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán géar ar an tionchar a bheidh ag an bhfachtóir laghdaithe sin ar shuíomhanna cistiúcháin chobhsaí de chuid institiúidí agus déanfaidh siad bearta maoirseachta iomchuí i gcás inar gá.

Airteagal 428p 8.
Chun aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint, eisiafaidh institiúidí sócmhainní a bhaineann le comhthaobhacht a aithnítear mar chorrlach athrúcháin arna bhreacadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 428k(4) agus le pointe (b) d'Airteagal 428ah(2) nó a aithnítear mar chorrlach tosaigh arna bhreacadh, nó a aithnítear mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) d'Airteagal 428ag eisiafaidh siad na sócmhainní sin ó chodanna eile de ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
Airteagal 428p 9.
Sa ríomh a dhéanfaidh siad ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ionstraimí airgeadais, áireoidh institiúidí airgeadraí iasachta agus tráchtearraí a ndearnadh ordú ceannaigh ina leith. Eisiafaidh siad ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta agus tráchtearraí a ndearnadh ordú ceannaigh ina leith ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, ar choinníoll nach léireofar na hidirbhearta sin mar dhíorthaigh nó mar idirbhearta cistithe urraithe ar chlár comhardaithe na n-institiúidí agus go léireofar na hidirbhearta sin ar chlár comhardaithe na n-institiúidí nuair a bheidh siad socraithe.
Airteagal 428p 10.
Féadfaidh údaráis inniúla na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chinneadh le cur i bhfeidhm ar ►C12  neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe nach dtagraítear dóibh sa Chaibidil seo lena áirithiú go gcoinneoidh institiúidí méid iomchuí an chistiúcháin chobhsaí ar fáil don sciar de na ►C12  neamhchosainti ◄ sin a mheastar ina leith go mbeidh cistiúchán de dhíth orthu le linn thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí. Chun na fachtóirí sin a chinneadh, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh, go háirithe, damáiste ábhartha do chlú na hinstitiúide a d'fhéadfadh tarlú i gcás nach gcuirfí an cistiú sin ar fáil.

Cuirfidh údaráis inniúla tuairisc chuig ÚBE, uair sa bhliain ar a laghad, maidir leis na cineálacha ►C12  neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh cinntithe acu ina leith. Áireoidh siad sa tuairisc sin míniú ar an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm chun na fachtóirí sin a chinneadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas