+Airteagal 428as Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %
---+Airteagal 428as 1.
---+Airteagal 428as 2.

Airteagal 428as Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428as 1.

Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %:

(a) 

sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leachtacha ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, bíodh na ceanglais oibriúcháin mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;

(b) 

cúlchistí uile na hinstitiúide, arna sealbhú sa Bhanc Ceannais Eorpach nó i mbanc ceannais Ballstáit nó i mbanc ceannais tríú tír, lena n-áirítear cúlchistí ceangailteacha agus cúlchistí barrachais;

(c) 

gach éileamh ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar bhanc ceannais Ballstáit nó ar bhanc ceannais tríú tír, ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí;

(d) 

sócmhainní atá rangaithe mar shócmhainní idirspleácha a bhfuil dliteanais acu i gcomhréir le hAirteagal 428f.

Airteagal 428as 2.
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, le comhaontú an bhainc ceannais ábhartha, cinneadh a dhéanamh maidir le fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chur i bhfeidhm ar chúlchistí atá de dhíth, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh a mhéid a bhíonn ceanglais chúlchistí ann le linn tréimhse ionchasach bliana agus go mbíonn cistiú cobhsaí gaolmhar de dhíth orthu dá bharr.

Maidir le fochuideachtaí a bhfuil a gceannoifig acu i dtríú tír, i gcás ina bhfuil cúlchistí ceangailteacha an bhainc ceannais faoi réir fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin lena leagtar amach, cuirfear an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh sin san áireamh chun críche comhdhlúthúcháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas