|
+Airteagal 428as 1. |
Airteagal 428as 1.Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %:
(a)
sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leachtacha ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, bíodh na ceanglais oibriúcháin mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
(b)
cúlchistí uile na hinstitiúide, arna sealbhú sa Bhanc Ceannais Eorpach nó i mbanc ceannais Ballstáit nó i mbanc ceannais tríú tír, lena n-áirítear cúlchistí ceangailteacha agus cúlchistí barrachais;
(c)
gach éileamh ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar bhanc ceannais Ballstáit nó ar bhanc ceannais tríú tír, ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí;
(d)
sócmhainní atá rangaithe mar shócmhainní idirspleácha a bhfuil dliteanais acu i gcomhréir le hAirteagal 428f. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|